Ar ainmniú Uachtarán an Ospidéil, rinne an tAire Sláinte, Simon Harris, T.D., na daoine seo a leanas a athcheapadh mar bhaill de Bhord Ospidéal Thamhlachta ón 22 Bealtaine 2020 go dtí an 21 Feabhra 2023:
An tUasal Liam Dowdall
Sainchomhairleoir é Liam ón mbliain 2019 ar aghaidh sa Rannóg Athstruchtúraithe agus Aisghabhála de Smith & Williamson. Bhí sé ina Cheann ar an Rannóg Athstruchtúraithe agus Aisghabhála ó Mhárta 2010 go dtí an 31 Eanáir 2016.
Chaith Liam breis agus 25 bliain ag oibriú i gComhairle Chorparáideach agus in Aisghabháil Chorparáideach. Sular thosaigh sé ag oibriú le Smith & Williamson, chaith Liam 27 bliain ag oibriú le BDO, 5 bliana ina measc (1990-1995) mar Chomhpháirtí Bainistíochta. Ba é Liam an Comhpháirtí i gCeannas ar Aonad Aisghabhála Corparáidí BDO ó 1997 go 2009.
Poist agus róil eile
Tá Liam ina Chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí Ospidéal Thamhlachta ó Bhealtaine 2017 agus d’fhóin sé mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ar an mBord ar feadh breis agus 9 mbliana.
Tá Liam ina Stiúrthóir freisin ar Bhord Ghrúpa Ospidéal na Leanaí.
Fónann Liam i gCoiste Ceannaireachta an Fhóraim Shláinte Dheonaigh.
Taithí Ghairmiúil
30+ bliain
Cáilíochtaí
Ballraíocht de Chomhlachtaí Gairmiúla
Príomhscileanna
Saineolas Earnála