Ceapacháin chuig an Údarás Rialála Táirgí Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An Dr Paula Kilbane
Fuair an Dr Paula Kilbane CBE FRCP FFPHM a cuid oiliúna i Londain i míochaine sláinte poiblí agus ina dhiaidh sin bhí poist chomhairleora aici sular fhill sí ar Thuaisceart Éireann i 1986. Tar éis a bheith ina Stiúrthóir Sláinte Poiblí, bhí ina ina POF ar dhá cheann de na Boird Sláinte i dTuaisceart Éireann ó 1993 go 2009.
Tar éis di bogadh go Baile Átha Cliath in 2012, d’fhóin sí ar roinnt Bord sna hearnálacha poiblí, neamhbhrabúis agus príobháideach. Faoi láthair tá sí ina ball de Bhord HIQA (a dara téarma) ar a raibh sí ina cathaoirleach ar an gCoiste Rialála, agus CES - Ionad na Seirbhísí Éifeachtacha.
D’fhóin sí ar roinnt comhlachtaí uile-oileáin agus in earnálacha eile, lena n-áirítear maoiniú Eorpach agus ardoideachas.
I measc a cuid spéiseanna gairmiúla tá rialáil, measúnú riosca, cáilíocht agus sábháilteacht othar, córais faisnéise sláinte agus teicneolaíocht na sláinte agus athdhearadh straitéiseach seirbhísí.
Is céimí de chuid Ollscoil na Banríona í, tá sí ina Comhalta de Choláiste Ríoga na Lianna sa Ríocht Aontaithe agus ina Comhalta de Dhámh na Sláinte Poiblí (an Ríocht Aontaithe agus Éire). Bronnadh CBE uirthi i 2003 as ucht a seirbhísí do shláinte i dTuaisceart Éireann.
Tá an Dr Kilbane ceaptha ón 28 Meitheamh 2021 godtí an 31 Nollaig 2025.
An Dr Sharon O’Kane
Is Comhalta Boird Neamhfheidhmiúcháin agus Feidhmiúchán í Sharon a bhfuil an-taithí aici agus a bhfuil saineolas domhain teicneolaíochta, nuálaíochta agus rialachais aici sna hearnálacha príobháideacha, poiblí agus ollscoile. Is ceannaire gnó eolaíoch agus teicniúil í laistigh de na hearnálacha idirnáisiúnta Feistí Leighis agus Cógaisíochta, a bfhuil taithí aici a chuimsíonn bunús comhlachtaí nuathionscanta trí chorparáidí domhanda atá liostaithe go poiblí.
Is eolaí T&F í Sharon atá ina Stiúrthóir Comhlachta le breis agus 23 bliain, agus a bhfuil taithí aici ar chomhlachtaí biteicneolaíochta, cógaisíochta agus feistí leighis príobháideacha agus poiblí. Faoi láthair tá Sharon ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin Neamhspleách ar an gcomhlacht feistí leighis domhanda LivaNova plc (LIVN: Nasdaq), áit a bhfuil sí ina Cathaoirleach ar an gCoiste Ainmniúcháin agus Rialachais.
Is Ollamh Cuairte í Sharon in Ollscoil Uladh, Dámh na nEolaíochtaí Sláinte agus Beatha, agus Fiontraí Cónaithe ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD). Roimhe seo bhí Sharon mar Fhiontraí Cónaithe ag Ollscoil Mhanchain, ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ar Ghníomhaireacht Fhorbartha Isteach Mhanchain, agus ina bunaitheoir de Chomhairle Ceannaireachta Gnó Mhanchain. Is ball í Sharon de Chumann Náisiúnta na Stiúrthóirí Corparáideacha SAM, Institiúid na Stiúrthóirí (IoD) Éire, IoD RA, agus Mná ar Bhoird.
Tá dioplóma i dTreorú Comhlachta ag Sharon ó Institiúid na Stiúrthóirí agus fuair sí oiliúint i Rialachas Corparáideach ag Scoil Ghnó Harvard. Ghnóthaigh sí BSc (Céad Onóracha) in Eolaíochtaí Bithleighis, Dioplóma i Staidéar Tionscail agus PhD in Eolaíochtaí Bithleighis ó Ollscoil Uladh. Tá roinnt foilseachán, duais agus gradam acadúil agus paitinne bainte amach ag Sharon.
Tá an Dr O’Kane ceaptha ón 15 lÚil 2021 go dtí an 31 Nollaig 2025.