Ceapachán chuig Bord Clárúcháin na nDiaitéiteach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar chomhaltaí de Bhord Clárúcháin na nDiaitéiteach, ar a dtoghadh ag cláraithe na gairme ainmnithe, le héifeacht ón 14 Feabhra 2021 go 13 Feabhra 2025:
Iníon Fiona Dunlevy
Bhain Iníon Dunlevy céim BSc amach i gCothú an Duine agus Diaitéitic ó Ollscoil Uladh Cúil Raithin i 2002. Fuair sí dioplóma iarchéime i Staitisticí (i 2009) agus MSc le gradam i mbainistíocht na Seirbhíse Sláinte (i 2010), ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. I 2017, rinne sí clár forbartha HSCP na gceannairí le hInstitiúid Cheannaireachta Choláiste Ríoga na Máinliá.
Chuir Fiona tús lena gairm beatha in Ospidéal Naomh Séamas, ag clúdú réimsí cliniciúla éagsúla, sular aistrigh sí chuig post mar bhainisteoir ó 2014 go 2017. Oibríonn sí anois mar bhainisteoir diaitéiteach in Ospidéal Ollscoile Ban agus Naíonán an Choim, le sainchúram cliniciúil agus bainistíochta.
Tá suim mhór ag Fiona i bhforbairt treoirlínte náisiúnta, i gcur i bhfeidhm áitiúil agus i bhfeabhsú cáilíochta chun an cúram othar is fearr a chinntiú.
An tOllamh Mary Ann Therese Flynn
Is diaitéiteach cláraithe agus saineolaí cothúcháin sláinte poiblí í an tOllamh Professor Mary A. T. Flynn. D’oibrigh sí ar feadh blianta fada i sláinte phoiblí, i gcothú cliniciúil agus sa saol acadúil in Éirinn, sa Cheanada agus sa Mheánoirthear. Faoi láthair tá sí i gceannas ar obair ar chaighdeáin tagartha cothaitheach do naíonáin agus do leanaí óga ag Codex Alimentarius (EDS agus EBT na Náisiún Aontaithe). I measc a gníomhaíochtaí idirnáisiúnta eile maidir le cothú/diaitéitic tá Ballraíocht de Phainéil Chomhairleacha Saineolaithe a threoraíonn forbairt Sláinte Ceanada ar athbhreithnithe ar Threoir Náisiúnta Bia Cheanada maidir le hItheachán Sláintiúil (2019 agus 2006). Le linn a gairme bhí sí i gceannas ar fhoirne ildisciplíneacha agus iad ag dul i ngleic le cuid de na dúshláin is mó a bhaineann le hotracht agus galair ainsealacha ghaolmhara - go háirithe idirghabhálacha a dhíríonn ar leanaí. Tá cláir nuálacha coiscthe agus cóireála curtha i bhfeidhm aici ag laghdú riosca galar croí agus diaibéiteas do dhaoine de gach aois.
Tá os cionn 100 foilseachán eolaíochta ag Mary agus tá a cuid oibre ar otracht i measc leanaí aitheanta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS). I 2014, bhronn an Cumann Cothaithe sa Ríocht Aontaithe bonn tionscnaimh uirthi as sármhaitheas i gCothú Sláinte Poiblí. Cheap an tAire Sláinte í mar chomhalta de Chéad Chomhairle Éire Shláintiúil agus tá sí ina hOllamh ar Cuairt ag Ollscoil Uladh, Tuaisceart Éireann ó 2012.
Diaitéiteach Cláraithe ab ea Mary i gCeanada ó 2000 go 2004. Is mór an onóir di a bheith ina comhalta de Bhord Clárúcháin na nDiaitéiteach de chuid CORU.