Ceapacháin chuig an mBord Árachais Sláinte Shaorálaigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis feachtais ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus le ceadú ó Bhanc Ceannais na hÉireann, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, na daoine seo a leanas a cheapadh mar chomhaltaí den Bhord Árachais Sláinte Shaorálaigh. Is idir an 26 Meitheamh 2020 agus an 25 Meitheamh 2025 na ceapacháin seo:
An Dr Mary Halton
Is Cuntasóir Cairte í Mary Halton a bhfuil taithí shuntasach feidhmiúcháin, neamhfheidhmiúcháin agus chomhairleach aici a fuair sí sa Ríocht Aontaithe, i gCeanada agus in Éirinn. Le cúlra aici i mbaincéireacht agus in árachas, tá sí anois ina húinéir agus ina comhairleoir boird le Align Consulting Ltd, ag obair le boird agus foirne sinsearacha sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha i réimsí an rialachais agus na feidhmíochta. Tá PhD ag Mary i mBeartas Poiblí, agus MSc i gCeannaireacht Feidhmiúcháin, agus tá a cuid taighde ar rialachas boird foilsithe go hidirnáisiúnta.
An tUas. Mike Frazer
Is achtúire é Mike Frazer a bhfuil níos mó ná 30 bliain taithí aige i dtionscal an árachais, agus d’oibrigh sé go príomha le Irish Life, Zurich Life agus mar Príomhfheidhmeannach ar AXA Life Invest Reinsurance. Ina theannta sin, d’oibrigh sé i mBanc Ceannais na hÉireann áit a raibh sé ina Leas-Cheannasaí ar Mhaoirseacht Árachais. Faoi láthair tá sé ina chomhairleoir le William Fry Solicitors, agus tá sé ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar chuideachta árachais neamhshaoil. Ó 2018, bhí sé ina Rúnaí Oinigh ar Chumann na nAchtúirí in Éirinn.