Ceapacháin ar Bhord Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá na daoine seo a leanas athcheaptha ag an Aire Sláinte, an tUasal Simon Harris T.D., ar Bhord Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann:
An Dr Elizabeth Kenny ó 21.05.2020 go dtí 20.05.2023
Is ag obair mar Ghaistreintreolaí in Ospidéal na hOllscoile Corcaigh agus Ospidéal Príobháideach an Mater i gCorcaigh atá an Dr Kenny. Bhronn Coláiste na hOllscoile, Corcaigh céim uirthi sa bhliain 1984 agus thug sí faoi chúrsa iarchéime i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Áirítear i measc a príomhréimsí taighde heipitíteas víreasach, galar athlastach putóige, siondróm putóige greannaithí agus galar céiliach. Ceapadh ina Léachtóir í sa Roinn Leighis agus APC i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Déanann sí piarmheasúnú ar ailt le haghaidh irisí leighis, Hepatology agus Journal of Hepatology ina measc, go rialta. Tá a hainm luaite le breis is 50 foilseachán in irisí náisiúnta agus idirnáisiúnta, caibidlí leabhair ina measc. Tá sí i mbun taighde go leanúnach leis an Ollamh Fergus Shanahan le cabhair ó mhaoiniú atá á chur ar fáil ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann do APC faoi mhicribhithóm daonna i ngalar athlastach putóige/siondróm putóige greannaithí. Tá taighde ar heipitíteas C á dhéanamh aici i gcomhar le saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta. I ngeall ar an taighde ceannródaíoch a rinne sí ar heipitíteas C in Éirinn ceapadh í mar chomhordaitheoir ar Ghrúpa Heipiteolaíochta na hÉireann agus bhí ról lárnach aici i bhforbairt agus in eagrú na sé Aonad Heipiteolaíochta in Éirinn.
Bhí sí ina Cathaoirleach ar an gComhairle Chomhairleach a chuir comhairle ar an Aire Sláinte maidir le gach gné de heipitíteas C thar thréimhse 9 mbliana (2003 – 2012).
Ba sa bhliain 2014 a ceapadh ar bhord Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann (IBTS) í. Ceapadh í ina Cathaoirleach ar Choiste Comhairleach Leighis IBTS in 2014 agus tá sí fós i mbun an róil seo. Le linn di a bheith i mbun an róil seo, rinne sí maoirseacht ar na leasuithe forásacha ar pholasaithe IBTS maidir le deontóirí fola MSM agus chuir sí deireadh le srianta a bhí i bhfeidhm roimhe seo maidir le vCID. I rith phaindéim covid-19 bhí baint ghníomhach aici le ról ceannródaíoch IBTS, i gcomhar le haemaiteolaithe Éireannacha, sa taighde cliniciúil leanúnach agus sa triail chliniciúil atá le reáchtáil amach anseo maidir le húsáid séirim téarnaimh i gcóireáil Covid-19.
An Dr Satu Pastila ó 07.06.2020 go dtí 06.06.2023
Is í an Dr Pastila an Stiúrthóir Deonaithe Fola i Seirbhís Fola Chros Dhearg na Fionlainne. Is céimí de chuid Ollscoil Oula, Ollscoil Heilsincí, Ollscoil Chóbanhávan í, agus bhronn Ollscoil Aalto san Fhionlainn Máistreacht Feidhmiúcháin sa Riarachán Gnó uirthi. Áirítear i measc a réimsí saineolais galair thógálacha chliniciúla, eipidéimeolaíocht galar tógálach, leigheas trópaiceach; leigheas inmheánach; roghnú deontóirí fola, rioscaí ionfhabhtaithe, rioscaí iarmharacha, ionfhabhtuithe atá ag teacht chun cinn a bhaineann le bancáil fola agus bainistíocht oibríochtaí, bainistíocht agus ceannaireacht straitéiseach.
Sula raibh sí ag obair le Seirbhís Fola FRC, chaith sí roinnt blianta ag obair mar Chomhairleach Galar Tógálach, ag díriú go sonrach ar Leigheas Trópaiceach in Ollscoil Chóbanhávan.
In 2000, chaith sí ceithre mhí sa Chosaiv, mar thoscaire ICRC agus mar Stiúrthóir Ospidéil in Ospidéal Réigiúnach. I Seirbhís Fola FRC, idir 2003 agus 2008, bhí sí i gceannas ar roghnú deontóirí fola, an treoir fola a chur i bhfeidhm, rioscaí ionfhabhtaithe agus rioscaí iarmharacha a bhain le comhábhair fola. In 2008, ceapadh an Dr Pastila mar Stiúrthóir Deonaithe Fola. Is comhalta í de Bhord Feidhmiúcháin FRC BS ó Dheireadh Fómhair 2011.
Ina ról reatha mar Stiúrthóir Sheirbhís Fola FRC bhí sí páirteach i bhforbairt agus i mbunú córas úr TF féith-go-féith le haghaidh bancáil fola, a cuimsíodh ann bogearraí CRM agus AX le comhtháthú le LIMS agus trealamh oibríochtúil. Ba í an fhreagracht a bhí uirthi mar Úinéir Táirge an roinn a bhaineann le deonú fola agus leis an gclár deontóirí (CRM). Tá feidhm á baint as an gcóras TF ón 4ú Bealtaine 2020.
Cheap an tAire Sláinte, Simon Harris T.D., an Dr Satu Pastila mar chomhalta de Bhord Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann den chéad uair ar an 7ú Meitheamh 2017.
Kate Williams, Uasal ó 15.02.2020 go dtí 14.02.2023
Is cuntastóir deimhnithe cairte í Kate Williams a bhfuil breis is 25 bliain de thaithí ghairmiúil aici. Tá tréimhsí caite aici ag obair ag na leibhéil bhainistíochta sinsearaí is airde agus tá neart taithí bainistíochta agus ceannaireachta aici mar gur chaith sí tréimhsí ag obair mar Ghrúpstiúrthóir Airgeadais agus Stiúrthóir Bainistíochta do chuideachtaí éagsúla.
Tá taithí ghnó fairsing ag Kate ar dhéantúsaíocht in Éirinn, FMCG, seirbhísí airgeadais agus tionscnamh gnó, rud a chiallaíonn go bhfuil taithí tráchtála den scoth aici, scileanna láidre rialachais agus taithí phraiticiúil. Ba ag leibhéal Boird a bhí Kate Williams ag obair in FMCG agus sa Tionscal Seirbhíse Bia mar Ghrúpstiúrthóir Airgeadais agus bhí baint aici le bainistíocht Airgeadais agus Tráchtála laistigh de sholáthraí, teaghlach Éireannach, a bhí ag soláthar earraí do thrádáil mhiondíola.
Ceapadh Kate Williams, Uasal, ar Bhord IBTS den chéad uair ar an 19ú Feabhra 2014.