Ar ainmniú Cathaoirleach Bhord an Ospidéil, cheap an tAire Sláinte, An tUasal Stephen Donnelly T.D., an duine seo a leanas ar Bhord Ospidéal San Séamas don tréimhse ó 1 Iúil 2020 go 27 Márta 2025.
Garry Burke
Is feidhmeannach cumasach a bhfuil taithí aige agus a bhfuil meas air é an tUasal Garry Burke le cúlra i gcúrsaí airgeadais agus cuntasaíochta, maoiniú mór idirnáisiúnta go háiríthe maoiniú eitlíochta, loingseoireachta agus trealamh caipitil, struchtúrú idirbheart, rialachas corparáideach, bainistíocht ghinearálta agus bainistíocht athraithe in eagraíochtaí nuathionscanta, fáis agus bunaithe. Tá sé dírithe ar thorthaí le dea-theist i sainaithint an mhargaidh agus suíomh oirbheartaíochta agus straitéiseach.
Is é an tUasal Burke an stiúrthóir bainistíochta agus úinéir Hippocrene Limited, comhlacht comhairleoireachta dírithe ar airgeadas eitlíochta agus loingseoireachta. Is iar-Cheann Domhanda é d’Airgeadas Struchtúrtha an Bhainc Chairte Caighdeánach ónar éirigh sé as i Meán Fómhair 2019.
Is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin é an tUasal Burke de SDH Wings International Limited, comhlacht léasaithe oibríochta aerárthaí ar le Sichuan Development International Holdings Limited (90%) agus an Banc Cairte Caighdeánach é.