Ceapachán chuig an Údarás Rialála Táirgí Sláinte – Eanáir 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire an tOllamh Richard Reilly a cheapadh mar chomhalta den Údarás Rialála Táirgí Sláinte. Mairfidh an ceapachán don tréimhse ón 01 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2024.
An tOllamh Richard Reilly
Is é Richard Reilly an tOllamh le hInnealtóireacht Néarach i gColáiste na Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Is é atá sa phost sin ná comhphost idir Scoil an Leighis agus Scoil na hInnealtóireachta. Tá sé ina Phríomhthaighdeoir ar Ionad na Tríonóide um Innealtóireacht Bhithleighis agus ina Phríomhthaighde ar Institiúid Néareolaíochta Choláiste na Tríonóide. Ar a ábhair spéise taighde tá innealtóireacht néarach chliniciúil atá bunaithe ar phróiseáil comharthaí ar shonraí leictrifhiseolaíocha, néarshamhaltaithe agus bithfhuaimiúla le haghaidh forbairt a dhéanamh ar mhodhanna cainníochtúla chun tuiscint a ghnóthú ar an bhfeidhm néarach agus ar an bpataifhiseolaíocht is bun le próiseáil chéadfach agus chognaíoch.
Tá sé ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann. Chomh maith leis sin, tá sé ina Chomhalta den Chomhaontas Eorpach um Innealtóireacht agus Eolaíocht Leighis agus Bhitheolaíoch agus ina Chomhalta d’Acadamh Ríoga an Leighis in Éirinn. Bhronn Acadamh Ríoga an Leighis in Éirinn Bonn Haughton air sa bhliain 2013. Sa bhliain 2004, bronnadh Gradam Meiriceánach Fulbright air as an obair thaighde a rinne sé ar chomhtháthú ilchéadfach i gcomhar le hInstitiúid Nathan Kline um Thaighde Síciatrach, Nua-Eabhrac. Bhain an tOllamh Reilly céim BA in Innealtóireacht Leictreonach agus céim MEngSC agus PhD in Innealtóireacht Bhithleighis amach as an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.