Nuacht
Ceapachán chuig Bord Ospidéal San Séamas – Lúnasa 2019
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar ainmniú an Chathaoirligh, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an Dr Patrick Smyth a athcheapadh mar chomhalta de Bhord Ospidéal San Séamas. Mairfidh an ceapachán don tréimhse ón 30 Lúnasa 2019 go dtí an 29 Lúnasa 2025.
Is dochtúir leighis ó thaobh gairme é Patrick Smyth agus sealbhaíonn sé céim Tráchtála ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus dioplóma iarchéime san Eacnamaíocht Sláinte. D’oibrigh sé san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon mar dhochtúir ospidéil, mar chláraitheoir liachleachtóirí ginearálta agus mar chomhairleoir leighis sa tionscal cógaisíochta.