An tOllamh Bernard McCartan athcheaptha mar Chathaoirleach ar Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (HSCPC)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Simon Harris TD, tar éis an tOllamh Bernard McCartan a athcheapadh mar Chathaoirleach ar Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (HSCPC).
Mairfidh an t-athcheapachán seo ar feadh thréimhse thrí bliana, le héifeacht ón 17 Lúnasa 2019.
Tá taithí fhairsing ag an Ollamh McCartan sa rialáil agus san oiriúnacht chun cleachtadh, tar éis dó a bheith ina Uachtarán ar an gComhairle Fiaclóireachta agus ina chomhalta dá Choiste um Oiriúnacht chun Cleachtadh, chomh maith le bheith ina Chathaoirleach ar Choiste Iompair Ghairmiúil an Chumainn Cógaisíochta. Ceapadh é den chéad uair ar an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh i Meitheamh 2014 tar éis dó a bheith ainmnithe ag an Aire Oideachais agus Scileanna.
Bhí sé mar chuid den fhoireann acadúil i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath roimhe seo agus ina iar-Stiúrthóir Oiliúna Speisialtóra sa bhFiaclóireacht san RCSI chomh maith le bheith ina Chomhairleoir roimhe sin sa Leigheas Béil in Ospidéal Fiaclóireachta Bhaile Átha Cliath, Ospidéal Shráid Hume agus i gClinic na Carraige Duibhe. Chaith sé trí théarma mar Uachtarán ar Chónaidhm Múinteoirí Ollscoile na hÉireann freisin.