Ceapachán chuig An Chomhairle um Gháirmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Emma Gonoud
Is í Iníon Gonoud Bainisteoir Teiripeoir Urlabhra agus Teanga don FSS i réigiún Laoise/Uíbh Fhailí. Tá sí ina teiripeoir urlabhra agus teanga cleachtach ó 1995. Tá BSc aici i staidéir Chliniciúla urlabhra agus teanga ó Choláiste na Tríonóide, MSc i mBainistíocht Seirbhísí Sláinte agus tá teastas aici i réimse speisialaithe na diosfaige. Is í Iníon Gonoud ionadaí na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga ar ghrúpa teicniúil náisiúnta FSS le haghaidh tuairisciú náisiúnta ar mhéadrachtaí agus staitisticí agus ó 2016 go 2017 bhí sí mar ionadaí na dteiripeoirí urlabhra agus teanga ar Athbhreithniú Náisiúnta FSS ar Sheirbhísí Teiripe Urlabhra agus Teanga. Is ball gníomhach í de IASLT le linn a gairme ar fad agus d’fhóin sí ar chomhairle an IASLT ó 2000-2008.