Tá feachtas nua feasachta ó Leave No Trace Ireland agus a chomhpháirtithe ag glaoch ar an bpobal cúram agus freagracht a chleachtadh amuigh faoin spéir maidir le cúram madraí, cosc ar bhruscar agus gan tinte a lasadh seachas ar láthair atá ceaptha uime sin.
Agus an samhradh ag druidim linn, molann Leave No Trace Ireland – an t-aon chlár in Éirinn a spreagann freagracht amuigh faoin spéir – do chách 'Love This Place, Leave No Trace' .
Tá an feachtas ag iarraidh ar an bpobal freagracht a chleachtadh ionas gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint as láithreacha lasmuigh agus san am céanna iad a chosaint ar an mbrú breise orthu i mbliana agus srianta Covid-19 á scaoileadh.
Dúirt an tAire Stáit um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D:
“Tá áthas orm go bhfuil OPW páirteach sa bhfeachtas Love this Place, Leave no Trace. Le teacht an tsamhraidh, beidh níos mó daoine ag dul amach faoin spéir agus chun an taitneamh is fearr a bhaint as na láithreacha lasmuigh, ní mór dúinn uile ár gcion a dhéanamh chun iad a choinneáil glan.
Tá páirceanna, gairdíní agus tailte oidhreachta den scoth faoi chúram OPW ar fud Éireann agus oibríonn foireann OPW go dian chun iad a choinneáil ar ardchaighdeán um pléisiúr cuairteoirí. Tá do chabhair ag teastáil chun iad a choinneáil saor ó bhruscar agus slán do chách; mar sin, bí freagrach agus tú amuigh, coinnigh madraí ar iall agus cuimhnigh ar mhana an fheachtais seo: love this place, leave no trace.”
Tá an feachtas feasachta phobail seo á reachtáil ag Leave No Trace Ireland i gcomhar le Spórt Éireann, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra faoin Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Oifig na nOibreacha Poiblí, Uiscebhealaí Éireann, Coillte, agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Cuireann an feachtas ‘Love This Place, Leave No Trace’ béim ar na gnéithe seo a leanas:
Bruscar:
1. Bíodh plean agat agus beir leat mala le haghaidh bruscair ar dhul amach duit. Má bheireann tú do bhruscar leat abhaile, déanfaidh tú do chion chun áiteann lasmuigh a choinneáil saor ó bhruscar.
Cúram agus Smachtadh Madraí:
1. Glan suas i gcónaí i ndiaidh do mhadra, cuir i mála é agus ansin i gcanna bruscair, nó beir leat abhaile é.
2. Coinnigh do mhadra ar iall, um meas ar dhaoine eile agus gan chur as do bheostoic agus fiadhúlra.
Tinte campa agus Beárbaiciúnna aon uaire:
1. Ná las tine ach in áit atá ceaptha uime sin. Ní ceart tine a lasadh gan chead ón úinéir talún.
2. Más ag áit atá ceaptha atá tú, bí cinnte go dtuigeann tú conas tinte campa a shocrú agus a úsáid. Féach leavenotraceireland.org um threoir faoi thinte a úsáid go sábháilte.
3. Ná bain úsáid as beárbaicúnna aon uaire.
Tá eolas agus treoirlínte ar fáil ar shuíomh gréasáin Leave No Trace Ireland.
-CRÍOCH-