Ceapacháin ar Bhord Ghrúpa Ospidéal na Leanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Simon Harris TD, tar éis na daoine ag seo a leanas a athcheapadh mar bhaill de chuid Bhord Ghrúpa Ospidéal na Leanaí. Beidh feidhm ag na hathcheapacháin seo idir an 31 Iúil 2017 agus an 31 Iúil 2020.
Ceapadh an Dr Browne ina Uachtarán ar OÉ Gaillimh in 2008. I measc na róil ceannaireachta a bhí aige go dtí seo, bhí sé ina chomhalta de chuid Bhord Cáilíochta Ollscoileanna na hÉireann suas go dtí 2012; ina Uachtarán ar Innealtóirí Éireann 2008/2009; ina bhall de chuid Sheanad Ollscoil Náisiúnta na hÉireann; ina bhall de chuid bhord na Lár-Oifige Iontrála; ina bhall de chuid an Bhoird Náisiúnta um Thacaíocht don Taighde; ina bhall de chuid Chomhairle Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Nuálaíochta na hÉireann; ball de chuid EPSRC Review Group on Engineering Research Centres san RA; ball de chuid bhord Fhondúireacht Ollscoile na Gaillimhe agus ball de chuid bhord Music for Galway. Tá an-chuid taithí aige ar a bheith ina cheannaire tionscadail agus ina chomhpháirtí i dtionscadail taighde agus forbartha atá maoinithe ag an Aontas Eorpach, lena n-áirítear comhthionscadail tionscail/ollscoile idir comhpháirtithe Eorpacha agus comhpháirtithe sa tSín, sna Stáit Aontaithe agus sa tSeapáin. D’fhóin sé mar bhall Eorpach ar bhord IMS (Córais Déantúsaíochta Comhtháite). Tá sé ag feidhmiú faoi láthair mar Chathaoirleach ar Chumann Ollscoileanna na hÉireann.
Tá taithí shuntasach sa tionscal ag an Dr Browne, tar éis dó roinnt blianta a chaitheamh ag obair le Nortel Networks (Northern Telecom ag an am) i gCeanada agus in Éirinn araon. Tá obair chomhairliúcháin déanta aige freisin le raon leathan corparáidí Éireannacha agus idirnáisiúnta.
Tá an tUasal Sheehan ina Chathaoirleach ar Bhord Ospidéal Ollscoile na Leanaí, Sráid an Teampaill. Is Comhalta é de chuid Institiúid Cairte na gCuntasóirí Deimhnithe. Chuaigh sé isteach in Brother Ireland in 1987 ag obair mar Rialaitheoir Airgeadais, tar éis dó a bheith ag obair ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí sna hearnálacha óstáin/lónadóireachta agus san earnáil talmhaíochta freisin. Sula ndeachaigh sé isteach in Brother, bhí sé ina Stiúrthóir Cuntais agus Airgeadais locum in Ospidéal Ollscoile na Leanaí, Sráid an Teampaill, agus tá scileanna fada fairsing aige sa phleanáil airgeadais, sa phleanáil straitéiseach agus sa bhainistíocht athraithe. Tá raon leathan scileanna gnó ag an Uasal Sheehan agus bhí sé ina Stiúrthóir Bainistíochta ar fhochuideachta Éireannach Brother International ó 1994 go dtí an am a ndeachaigh sé ar scor i mí an Mhárta 2013.
Tá an tAire Sláinte, Simon Harris TD, tar éis an duine ag seo thíos a athcheapadh mar bhall de chuid Bhord Ghrúpa Ospidéal na Leanaí. Is don tréimhse ón 1 Lúnasa 2017 go 31 Iúil 2020 an ceapachán seo.
Faoi láthair, tá Turlough O’Sullivan ina Leas-Chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn.
D’fhóin sé mar Ard-Stiúrthóir IBEC idir 2000-2009.
Bhí sé ina bhall de chuid Bhord Feidhmiúcháin Business Europe; Comhairle Eagraíocht Idirnáisiúnta na bhFostóirí sa Ghinéiv; ball den Chomhlacht Feidhmithe Náisiúnta; an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta agus ball boird den Choimisiún Caidrimh Oibreachais.
Tá sé ina Stiúrthóir Bainistíochta ar Resolve Ireland, cuideachta a sholáthraíonn seirbhísí imscrúdaithe neamhspleácha, seirbhísí réitigh díospóide agus sceithireachta sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí.
Is stiúrthóir agus cathaoirleach cuideachta é freisin agus soláthraíonn sé seirbhísí comhairliúcháin i straitéis agus eagrú gnó.
Cuireadh oideachas air i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus i Scoil Eacnamaíochta Londain.