Rinne an tAire Sláinte, Simon Harris, T.D., na daoine seo a leanas a athcheapadh mar bhaill de Bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála.
Patrick Gibbons (Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca)
Aturnae é Patrick Gibbons ó thaobh gairm bheatha de. Tá beagnach fiche bliain caite aige ina ghairm bheatha agus é ag díriú ar chomhlíonadh dlíthiúil agus rialála, rialachas corparáideach agus bainistíocht riosca. Chaith Patrick go leor dá shaol oibre ag oibriú i róil bhainistíochta i roinnt comhlachtaí árachais móra idirnáisiúnta éagsúla. D’oibrigh sé ar bhoird stiúrthóirí le déanaí sna hearnálacha príobháideacha, Stáit agus deonacha agus bhí sé ina chathaoirleach ar nó ina bhall de roinnt coistí iniúchóireachta, riosca agus airgeadais.
Athcheaptar an tUasal Gibbons ón 28 Feabhra 2020 go dtí an 27 Feabhra 2023
James Melly
Sainchomhairleoir Bainistíochta é James Melly a bhfuil saineolas aige i gCultúr agus Athrú Eagraíochta agus tá taithí aige ar go leor earnálacha gnó agus ar eagraíochtaí, gníomhaireachtaí Seirbhís Sláinte san áireamh. B’Fheidhmeannach Sinsearach é in Aer Lingus, áit ar oibrigh sé mar Stiúrthóir ar Chuideachtaí an Ghrúpa agus mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin (POF) ar fhochuideachta. Ceapadh é ina Cheann ar an bhfeidhm Bhainistíochta Pearsanra do Ghrúpa Aer Lingus agus rinne sé cláir mhórathraithe a stiúradh sa ról sin.
Athcheaptar an tUasal Melly ón 28 Feabhra 2020 go dtí an 27 Feabhra 2023
An Dr Terry McWade
Is é an Dr Terry McWade POF agus Comhbhunaitheoir Valitacell, cuideachta Bhiteicneolaíocta luathchéime. Bhí poist Leas-POF aige roimhe seo i gColáiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn, post POF in Exceptis Technologies, post Príomhoifigigh i nGrúpa Comhairliúcháin Boston (Londain), agus post POF in Servier Laboratories (an Danmhairg). Tá sé ina Stiúrthóir ar an Institiúid Bhaincéireachta agus is iar-Stiúrthóir é ar Chumann Rialachais Chorparáidigh na hÉireann. Bhí post Leas-Chathaoirligh aige ar Ospidéal Déidliachta Bhaile Átha Cliath agus ba Chathaoirleach é ar Thionscnamh Vacsaíne na hEorpa. Oibríonn sé i gCoiste Iniúchóireachta agus Coiste Clárúcháin agus Cleachtais Leanúnaigh Chomhairle na nDochtúirí Leighis agus i gCoiste Rialachais Ospís Mhuire Mháthair, Crois Araild. Tá cáilíocht bainte amach aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD), agus tá MBA (INSEAD), MSc (Eitic agus Dlí Cúram Sláinte) bainte amach aige.
Athcheaptar an Dr Melly ón 28 Feabhra 2020 go dtí an 27 Feabhra 2023
Brendan O’Donoghue
Stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin é Brendan O’Donoghue ar Ampersand agus is Cathaoirleach neamhfheidhmiúcháin é ar Celtic Linen. D’oibrigh sé roimhe seo mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Ospidéal Ollscoile Naomh Pádraig agus chaith sé 21 bliain roimhe sin ag oibriú le Tedcastle Group. Mar chuid dá róil, d’oibrigh sé mar Stiúrthóir Airgeadais an Ghrúpa agus mar Oifigeach Oibríochtaí an Ghrúpa ina dhiaidh sin. Is Stiúrthóir Cairte de chuid Institiúid Stiúrthóirí na hÉireann, i ndiaidh dó a cháilíocht a bhaint amach in 2011 agus tá sé ina chisteoir ar an Líonra Stiúrthóirí Cairte. Is cuntasóir é (chuaigh sé ar scor ó bheith mar Chomhalta de Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte).
Athcheaptar an tUasal O’Donoghue ón 28 Feabhra 2020 go dtí an 27 Feabhra 2021
An Dr Jack Nagle (Cathaoirleach an Choiste Cúram Othar)
I ndiaidh breis agus 15 bliana a chaitheamh ag oibriú go hidirnáisiúnta i réimse róil shinsearacha, d’fhill an Dr Jack Nagle ar Éirinn, áit ar oibrigh sé mar Stiúrthóir Oibríochtaí agus Innealtóireachta do Boston Scientific ar feadh 6 bliana. Rinneadh bunaitheoir agus POF in 2004 de ar Alpha Healthcare - cuideachta Éireannach atá tiomnaithe do sheirbhísí tacaíochta a sholáthar don Earnáil Chúram Sláinte agus bhunaigh sé Alpha Primary Care in 2007 a d’fhreastail ar mhargadh an RA. Tá spéis ar leith aige i mBainistíocht Láncháilíochta agus i dTeicnící Barainneacha. Bhain sé MBA amach ó Ollscoil Cranfield agus bhronn Ollscoil Caerdydd a PhD air.
Athcheaptar an Dr Nagle ón 28 Feabhra 2020 go dtí an 27 Feabhra 2021