Ceapacháin chuig Bord Ospidéal San Séamas – Meán Fómhair 2019
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar ainmniú Ollscoil Bhaile Átha Cliath, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an tOllamh Charles Normand a athcheapadh agus an tOllamh Juliette Hussey a cheapadh mar chomhaltaí de Bhord Ospidéal San Séamas. Mairfidh na ceapacháin ón 27 Meán Fómhair 2019 go dtí an 26 Meán Fómhair 2025.
An tOllamh Juliette Hussey
Tá Juliette Hussey ina hOllamh le Fisiteiripe i Scoil an Leighis. Faoi láthair, tá sí ar an Leas-Uachtarán um Chaidreamh Domhanda. Bhain sí a céim MSc amach as Coláiste an Rí, Londain, agus bhronn Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, PhD uirthi. Tá sí ag obair i gColáiste na Tríonóide ó bhí an bhliain 1992 ann agus chaith sí 11 bhliain mar cheann disciplín ar Fhisiteiripe. Toghadh í chuig ánracht sa bhliain 2011. Díríonn a cuid taighde ar mheastóireacht a dhéanamh ar idirghabhálacha aclaíochta a bhfuil mar aidhm leo feidhmíocht fhisiciúil a fheabhsú i measc othair atá ag fáil cóireáil in aghaidh ailse. Tá maoirseacht déanta aici ar 30 mac léinn iarchéime go dtí deireadh a gcúrsa agus tá breis agus 75 pháipéar foilsithe aici.
An tOllamh Charles Normand
Tá Charles Normand ina Ollamh le Beartas agus Bainistíocht Sláinte i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus tá sé ina Ollamh le hEacnamaíocht an Chúraim Mhaolaithigh agus an Athshlánúcháin in Institiúid Cicely Saunders i gColáiste an Rí, Londain. Tá sé ag obair ar na gnéithe eacnamaíocha den tsláinte le beagnach 40 bliain anuas, ar lena linn a phléigh sé leis na nithe seo a leanas: scagthástáil agus cóireáil ailse; meastóireacht ar theicneolaíochtaí sláinte; maoiniú cúram sláinte; acmhainní daonna cúram sláinte; agus éifeachtúlacht a thomhas i gcúram sláinte. Dhírigh sé go príomha le déanaí ar na himpleachtaí atá ag aosú an daonra ar chúram sláinte agus sóisialta agus ar chúram maolaitheach. D’fhoilsigh sé breis agus 200 alt in irisleabhair eolaíocha agus tá sé ina chomhúdar ar théacsleabhar sárdhíola ar an eacnamaíocht sláinte. Tá sé ina chomhalta den Bhord Taighde Sláinte agus de Choiste Stiúrtha na Faireachlainne Eorpaí um Chórais agus Beartais Sláinte.