Ceapacháin ar Bhord Chlárlann Náisiúnta Ailse na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mary Bourke
Is céimí de chuid Choláiste na hOIllscoile, Corcaigh í Mary Bourke áit a ndearna sí maorlathas sa Mhicribhitheolaíocht agus rinne sí céim Mháistreacha sa Cheimic Anailíseach. Rinne sí Dioplóma freisin i dTeicneolaíocht Déantúsaíochta Cógaisíochta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. D’oibrigh sí sa tionscal cógaisíochta in Éirinn, sna Stáit Aontaithe, i bPórtó Ríce, sa Spáinn agus san Eilvéis. D’oibrigh sí le GlaxoSmithKline, Schering Plough, Novartis, Wyeth, AbbVie, Pfizer agus Bristol Myers Squibb. Tá a saineolas i réimse an Dearbhaithe Cáilíochta agus an Rialú Cáilíochta i dtairgeadh substaintí drugaí agus táirgí drugaí móilíní beaga agus móra. Bhunaigh sí agus stiúraigh sí ranna cáilíochta agus tá sí an-eolach i gcigireachtaí rialála ag údaráis sláinte ar fud an domhain. Le déanaí bhí sí i gceannas ar an gclár um Measúnú Riosca Domhanda Bristol Myers Squibb maidir le maoirseacht cháilíochta ar Eagraíochtaí Deantúsaíochta Conartha. Tá réimse uathúil taithí aici trína ceannaireacht i ndearbhú cáilíochta ar fud eagraíochtaí, tíreolaíochtaí agus údaráis rialála.
Mark Lawler
Is eolaí é Mark a bhfuil cáil idirnáisiúnta air le níos mó ná 200 páipéar lena n-áirítear príomhfhoilseacháin sna hirisí is mó tionchair. Tá a chuid oibre aitheanta ag go leor dámhachtainí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá sé ina Stiúrthóir Comhlach ar Thaighde Sonraí Sláinte na Breataine Bige-Thuaisceart Éireann atá ag tiomáint cineálacha cur chuige leighis beachtais nuálaíoch agus sláinte poiblí trí úsáid a bhaint as Sonraí Móra. Tá se ina Stiúrthóir Eolaíochta ar DATA-CAN, Mol Taighde Sonraí Sláinte Náisiúnta na Ríochta Aontaithe um Ailse.
Tá tiomantas láidir ag Mark do thaighde/cúram othar-lárnaithe agus do aghaidh a thabhairt ar éagothroime ailse. Bhí sé ina údar ar Bhille um Chearta Othar Ailse na hEorpa, a sheol sé i bParlaimint na hEorpa le comhghleacaithe ar Lá Ailse Domhanda 2014. Fuair Bille na gCeart Gradam Sláinte na hEorpa 2018, gradam iomráiteach do chomhpháirtíochtaí a bhfuil fíor-thionchar acu ar shláinte san Eoraip. Bhí obair Mark maidir le haghaidh a thabhairt ar éagothroime agus ar shaincheisteanna rochtana maidir le cúram ailse mar chroílár na forbartha ag an Eagraíocht Eorpach Ailse ar an gCód Eorpach um Chleachtas Ailse, a sheol Mark (go fíorúil) le Coimisinéir Sláinte agus Sábháilteachta Bia an AE Stella Kyriakides sa Bhruiséil i Meán Fómhair 2020.
Tugadh aird idirnáisiúnta ar obair Mark ar Covid-19 agus a thionchar ar sheirbhísí ailse agus ar othair ailse agus tá sé ina chomhchathaoirleach ar Líonra Dírithe Speisialta Eagraíocht Ailse na hEorpa (E.C.O) ar Covid-19 agus ailse, a sheol a phlean 7-bPointe chun Tógáil Ar Ais Níos Fearr (agus níos cliste) ó Covid. Chuir sé sonraí le déanaí ar thionchar Covid ar ailse san Eoraip faoi bhráid Choiste Sáraithe Ailse na hEorpa i bParlaimint na hEorpa agus sheol sé feachtas Am Le Gníomhú Uile-Eorpach an E.C.O. lena chinntiú nach gcuireann Covid-19 cosc orainn dul i ngleic le hailse. Fuair an obair seo Gradam Feabhais i gCúram Othar Coláiste Ríoga na Lianna le déanaí.
Fuair Mark gradam um Thaighde Sármhaith i dTaighde Ailse de chuid Chumann na hÉireann um Thaighde ar Ailse le déanaí, as a chuid oibre ceannródaíoch ar thaighde ailse agus ar chúram ailse ar oileán na hÉireann. Tá Mark ina Chathaoirleach ar an gComhpháirtíocht Idirnáisiúnta Tagarmharcála Ailse, comharchumann idirnáisiúnta a úsáideann cur chuige dírithe ar shonraí chun torthaí d’othair ailse a fheabhsú.