Ceapachán Chathaoirleach an Bhoird Taighde Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An tOllamh Bernadette Hannigan
Tá an tOllamh Hannigan ina ball de Bhord an HRB ó 2015.
Tá sí ina Stiúrthóir Taighde, Aistriúcháin agus Nuálaíochta i Sláinte Poiblí Shasana agus roimh seo (2008 – 2014) bhí sí ina Stiúrthóir R&D agus ina Príomhchomhairleoir Eolaíochta um Shláinte agus Cúram Sóisialta i dTuaisceart Éireann, agus ceannaireacht acadúil le hOllscoil Uladh roimhe seo. Ba iad na róil neamhfheidhmiúcháin a bhí ag Bernie roimhe seo ná ballraíocht an Bhoird ar Invest Northern Ireland agus Foras na Mara. Faoi láthair tá sí ina ball do Chreat Feabhais Taighde na Ríochta Aontaithe (REF, 2021).
As Baile Átha Cliath ó dhúchas, bhain, Bernie céim amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Claith - BA(Mod) Eolaíochtaí Nádúrtha - agus PhD (Imdhíoneolaíocht) ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann le haghaidh taighde ag an RCSI. Bhí sí i gceannas ar nó rannpháirteach i bhfoirne taighde a mheall maoiniú seachtrach suntasach, scríobh sí os cionn100 páipéar agus 2 théacsleabhar agus rinne sí maoirseacht ar 20 mac léinn PhD rathúil.