Ceapacháin chuig Bord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag teacht sna sála ar fheachtas de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, le cead an Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, an comhalta neamhghairmiúil seo a leanas a cheapadh chuig Bord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine le héifeacht ón 09 Samhain 2019 go dtí an 08 Samhain 2022:
An tUas. Eamonn Grennan
Bhain Eamonn céim BSc (Onóracha) i nGeolaíocht amach as an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ghnóthaigh sé céim MSc i gCosaint an Chomhshaoil agus Dioplóma i Riarachán Poiblí ina dhiaidh sin. D’oibrigh Eamonn ar dtús do chuideachtaí taiscéalaíochta mianraí agus mianadóireachta i Meiriceá Thuaidh. Sna 1980í, chuir sé cuideachta comhairleachta mianraí ar bun agus d’oibrigh sé mar gheolaí mianraí ar fud cúig mhór-roinn. Sa bhliain 1995, chuaigh sé isteach san fhoireann acadóirí i Roinn na hEolaíochta Comhshaoil san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach. De bhreis ar a dhualgais léachtóireachta, bhí baint aige le leas mac léinn agus le staidéir Chianfhoghlama agus bhí sé ina chomhalta den Chomhairle Acadúil.
Ball bunaithe de Chumann na hÉireann um Gheolaíocht Eacnamaíoch is ea Eamonn. Chomh maith leis sin, tá sé ina Bhall Gairmiúil d’Institiúid Geolaithe na hÉireann agus ina bhall de Chónaidhm Eorpach na nGeolaithe. D’fhóin sé ar bhord an Údaráis um Ard-Oideachas agus ar bhord roinnt cuideachtaí poiblí agus carthanúla. Ceapadh é mar stiúrthóir um Leas an Phobail agus tá spéis ar leith aige sa rialachas corparáideach.
Cé go bhfuil sé ar scor anois, tá Eamonn ag foilsiú ábhar ar a réimsí spéise taighde, ag labhairt fúthu agus á gcothabháil. Tá siad dírithe ar oideachas poiblí ar thairbhí na geolaíochta, ar an soláthar inbhuanaithe amhábhar agus ar na gnéithe dearfacha de riandúile, go háirithe miotail, i gcorp an duine. Tá Eamonn ina chomhalta tuata de Bhord Clárúcháin na bhFisiteiripeoirí i láthair na huaire.
Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, le cead an Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, na comhaltaí neamhghairmiúla seo a leanas de Bhord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine a athcheapadh le héifeacht ón 09 Samhain 2019 go dtí an 08 Samhain 2022:
An Dr Gary Kearney
Tá Biaslán, an ghníomhaireacht um shábháilteacht bia a chur chun cinn agus comhlacht Thuaidh-Theas, ag fostú an Dr Kearney le breis agus 17 mbliana anuas. Tá an Dr Kearney ar an Stiúrthóir um Eolaíocht an Bhia, áit a bhfuil freagracht air as sláinte tomhaltóirí a chosaint agus a fheabhsú trí éagsúlacht clár agus tionscnamh sábháilteachta bia a reáchtáil.
Agus é ag tuairisciú go díreach don Roinn Sláinte i mBaile Átha Cliath agus don Roinn Sláinte i mBéal Feirste, forbraíonn Biaslán feachtais faisnéise agus feasachta sna meáin atá dírithe ar an saoránach, oibríonn sé cláir shábháilteachta bia atá dírithe ar tháirgeoirí bia, ar phróiseálaithe bia agus ar pháirtithe eile i slabhra an tsoláthair bhia, agus déanann sé óstáil ar lear imeachtaí pobail. De bhreis ar a obair eolaíochta agus taighde, tá an Dr Kearney ar an urlabhraí corparáideach i dtaca le nithe a bhaineann le sábháilteacht bhia, sláinteachas agus íogaireacht i leith bia. Sa ról sin, déanann sé ionadaíocht do Bhiaslán ar an teilifís, ar an raidió agus ar chainéil mheán sóisialta.
Tá an Dr Kearney ina chomhalta de roinnt comhlachtaí gairmiúla, lena n-áirítear Institiúid na Stiúrthóirí agus Coiste Bainistíochta na Comhpháirtíochta Náisiúnta Sláinteachais, agus tá sé ina bhreithneoir sábháilteachta bia do Dhámhachtain Cáilíochta Fheabhas Éireann.
Chaith an Dr Kearney 8 mbliana roimhe sin ag obair mar rialálaí agus Scrúdaitheoir Oifigiúil Bia d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), áit a raibh sé i gceist lena ról agus a fhreagracht reachtúil agus theicniúil saotharlainne ná rioscaí do shláinte an phobail a chosc agus leasanna tomhaltóirí a chosaint.
De bhreis ar an gcéim BA i mBainistíocht Cúram Sláinte atá aige, tá céim BSc (Onóracha) i gCeimic, céim MSc i gCeimic Orgánach agus céim PhD i gCeimic Anailíseach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, ag an Dr Kearney. Anuas air sin, chuir sé Cláir Cheannaireachta i gcrích i Scoil Ghnó Harvard agus chuir sé roinnt cláir feidhmiúcháin eile i gcrích, lena n-áirítear rialachas corparáideach gairmiúil, scileanna meán agus nochtadh cosanta.
Clodagh Geraghty Uas.
Tá Clodagh ina léachtóir le Dlí agus Bainistíocht Acmhainní Daonna in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo. Tá céim BA agus céim LLB ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, aici agus tá céim MA i nDlí Eorpach agus Comparáideach ó Ollscoil Luimnigh aici. Tá sí ina ball den Institiúid Cairte Pearsanra agus Forbartha agus tá sí ar an gCathaoirleach Cláir don chéim BA i mBainistíocht Acmhainní Daonna in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo. Tá spéis teagaisc ar leith ag Clodagh i gcearta an duine san oideachas cúram sláinte, sa tsábháilteacht othar agus sa rialáil ghairmiúil.
Tá saineolas ag Clodagh ar an rialáil ghairmiúil agus tá sí ina comhalta de Choiste Réamhimeachtaí Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann. Tá sí ar an gCathaoirleach ar Bhord Bainistíochta St. Joseph’s Community College, Baile Chathail, Co. Mhaigh Eo. Chomh maith leis sin, d’oibrigh sí le Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann chun feabhas a chur ar fheidhm rialachais na mBord Bainistíochta i scoileanna Bord Oideachais agus Oiliúna.
Sular ceapadh í chuig post acadúil lánaimseartha, d’oibrigh Clodagh mar Bhainisteoir Acmhainní Daonna in Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo. D’oibrigh sí freisin i Seirbhísí Pobail agus i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in Éirinn thar thréimhse 15 bliana.
Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, na comhaltaí gairmiúla seo a leanas de Bhord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine a athcheapadh le héifeacht ón 09 Samhain 2019 go dtí an 08 Samhain 2022:
An tUas. John O’Loughlin
Tá taithí breis agus 20 bliain ag John mar eolaí míochaine, ar gnóthaíodh níos mó ná a leath i bpoist shinsearacha. I láthair na huaire, tá sé ar an mBainisteoir Saotharlainne ar Ospidéal an Rotunda. Roimhe sin, bhí John ar an mBainisteoir Cáilíochta agus Riosca Ospidéil sa Hermitage Medical Clinic, áit a raibh sé ar an mBainisteoir Saotharlainne freisin. D’oibrigh sé mar Eolaí Míochaine Sinsearach agus mar Eolaí Míochaine i roinnt ospidéal i mBaile Átha Cliath agus i Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann.
Faoi láthair, tá John ina chomhalta de Bhord Bhord Náisiúnta na hÉireann um Chreidiúnú agus tá sé ar an gCathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach Míochaine sa Bhord. Chomh maith leis sin, tá sé ina chomhalta den Choiste Comhairleach um Chaighdeáin Náisiúnta Bhiteicneolaíochta de chuid an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann, áit a ndéanann sé faireachán as obair ISO TC 276 agus ISO TC 212 i gCaighdeáin Chúram Sláinte. Tá John ina scrúdaitheoir seachtrach don chéim BSc in Eolaíocht Bithleighis in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus tá sé ina aoi-léachtóir ar an gcúrsa MSc. Tá céim BSc agus céim MSc in Eolaíocht Bithleighis agus céim BSc i mBainistíocht Cúram Sláinte ag John.
Tá spéis láidir ag John i mbainistíocht cúram sláinte agus i gcáilíocht agus riosca cúram sláinte. Tá obair déanta aige le comhlachtaí caighdeán saotharlainne agus cúram sláinte eile amhail an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte agus JCI. Chomh maith leis sin, oibríonn sé i ndlúthchomhar le Bord Náisiúnta Creidiúnaithe na hÉireann agus leis an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann chun caighdeáin a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
An tUas. Brendan O’Reilly
Tá Brendan ina Bhainisteoir Saotharlainne atá ag obair i Leigheas Saotharlainne in Ospidéal Ollscoile Chorcaí ón mbliain 1990 i leith. Roimhe sin, chaith sé tréimhse ghairid ag obair sa tSaotharlann Micribhitheolaíochta in Ospidéal Bon Secours, Corcaigh.
Ghnóthaigh Brendan Deimhniú in Eolaíocht Saotharlainne Míochaine ó Cheardcholáiste Réigiúnach Chorcaí (Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí anois) sa bhliain 1989. Rinne sé speisialtóireacht sa disciplín micribhitheolaíochta den eolaíocht saotharlainne agus bhí poist aige mar Ghrád Foirne, mar Ghrád Sinsearach, mar Phríomhghrád (faireachas), mar Cheann Micribhitheolaíochta agus mar Bhainisteoir Saotharlainne (an post atá aige faoi láthair). Tá Ánracht Eolaíocht Saotharlainne Míochaine (Micribhitheolaíocht), céim Máistreachta i Riarachán Gnó (Bainistíocht Cúram Sláinte) agus Crios Dubh Lean Six Sigma ag Brendan.
Tá Brendan ina bhall ó thús a ghairme i leith den Acadamh um Eolaíocht Chliniciúil agus Leigheas Saotharlainne. D’fhóin sé freisin ar roinnt Comhlachtaí Comhairleacha, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le Micribhitheolaíocht agus le Teicneolaíocht na Faisnéise. Rud ba dhéanaí fós, bhí sé ar an gcathaoirleach ar an gComhlacht Comhairleach um Bainistíocht, Cáilíocht, Teicneolaíocht na Faisnéise agus Sábháilteacht. Chomh maith leis sin, tá sé ina Theicneoir Míochaine cáilithe atá ar chlár na Comhairle um Chúram Éigeandála Réamhospidéil. Is é atá sa cháilíocht sin agus sa spéis leanúnach atá aige san obair chlinice agus san obair bhinse ná léiriú ar an spéis atá ag Brendan i leas othar agus ar an tiomantas atá aige dó.