Nóta maidir leis an gcibirionsaí a rinneadh ar an Roinn Sláinte le déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I láthair na huaire, tá measúnú á dhéanamh ag an Roinn Sláinte ar thionchar an chibirionsaí a tharla le déanaí i dtéarmaí na gcóras agus na sonraí a raibh tionchar aige orthu.
Tá cruinnithe rialta á reáchtáil ag Foireann Chibirfhreagartha na Roinne, agus é mar aidhm acu a chinntiú gur féidir filleadh ar an obair riachtanach atá á déanamh ag an roinn chomh tapa agus chomh sábháilte agus is féidir.
Tá tús áite á thabhairt ag an roinn do shláinte agus d’fholláine phobal na hÉireann a chosaint. Is é an aidhm atá leis an leathanach seo an t-eolas is déanaí maidir leis an gcibirionsaí a roinnt leat.
Má tá an cibirionsaí a rinneadh le déanaí ag déanamh imní díot, is féidir leat cúpla rud a dhéanamh chun suaimhneas intinne a fháil.
Cuimsítear ina measc seo roinnt céimeanna ar féidir iad a chur i gcrích lena chinntiú go bhfuil an duine nó an eagraíocht atá ag lorg sonraí pearsanta uait ionraic, roinnt comhairle maidir le conas an t-eolas is déanaí a fháil faoi chur isteach ar an tseirbhís sláinte, agus roinnt smaointe maidir le conas aire a thabhairt do do mheabhairshláinte i láthair na huaire.
Tugann FSS a suíomh gréasáin cothrom le dáta agus cuirtear an t-eolas is déanaí ar fáil maidir le haon chur isteach ar an tseirbhís sláinte. Faigh an t-eolas anseo.
Tá nuashonruithe rialta á bpostáil ar chainéil meán sóisialta FSS, cosúil le Twitter.
Má fhaigheann tú glaoch teileafóin ó uimhir nach n-aithníonn tú agus má iarrtar ort faisnéis phearsanta a dheimhniú nó a sholáthar, cosúil le sonraí cárta creidmheasa nó PPSN, ná tabhair aon fhaisnéis i rith an ghlaoigh. Má deir an glaoiteoir go bhfuil sé ag obair le heagraíocht a mbíonn tú ag déileáil léi, cosúil le do bhanc nó ospidéal, cuir deireadh leis an nglaoch agus glaoigh ar an uimhir atá fógartha ar shuíomh gréasáin oifigiúil na heagraíochta lena dheimhniú gur duine ón eagraíocht a rinne an glaoch.
Bí airdeallach ar naisc a seoltar chugat trí théacsteachtaireacht, aip cur teachtaireachtaí nó ríomhphost, go háirithe mura bhfuil súil agat lena leithéid. Tá bealaí ann lena chinntiú go bhfuil nasc dlisteanach sula gcliceálann air - coinnigh an luch os cionn an URL agus seiceáil an bhfuil aon earráidí litrithe ann (govt.ie seachas gov.ie, mar shampla) nó úsáid uirlis seiceála URL cosúil le Google Safe Browsing.
Má iarrtar ort faisnéis phearsanta a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin, cinntigh go bhfuil glas fraincín le feiceáil sa bharra uirlisí URL - ba cheart go mbeadh an glas fraincín le feiceáil ar gach suíomh gréasáin. Ná cuir aon fhaisnéis ar fáil mura bhfeiceann tú glas fraincín.
B’fhéidir gur mhaith leat do phasfhocal a athrú le haghaidh aon suíomhanna gréasáin nó aipeanna a bhfuil sonraí pearsanta fút á stóráil acu, nó más féidir, b’fhéidir gur mhaith leat tairbhe a bhaint as Fíordheimhniú Ilfhachtóra. Seachain an pasfhocal céanna a úsáid ar shuíomhanna gréasáin éagsúla. Ba cheart go mbeadh meascán de litreacha (cás uachtair agus cás íochtair), uimhreacha agus siombailí in úsáid i bpasfhocal láidir.
Labhair le daoine eile, téigh amach ag siúl, déan rud éigin cruthaitheach cosúil le leabhar a léamh nó caith tamall i mbun caithimh aimsire chun dearmad a dhéanamh ar an méid atá ag tarlú má tá sé ag cur imní ort. Déan iarracht díriú ar an méid is féidir leat a dhéanamh, agus ná bí buartha faoin méid nach féidir leat a dhéanamh.
Meabhraigh do dhaoine leochaileacha ar d’aithne a bheith airdeallach ar theachtaireachtaí agus glaonna camscéimeanna, ach é sin ráite, ná bí róbhuartha faoi méid atá ag tarlú ach oiread.
Tá tuilleadh comhairle maidir le haire a thabhairt do do mheabhairshláinte le fáil ar shuíomh gréasáin FSS anseo.