Tosach feidhme an Achta um Mí-Úsáid Drugaí (Leasú) 2016 agus na Rialacháin agus Orduithe Aireachta gaolmhara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An 2 Bealtaine 2017 shínigh an tAire Stáit do Phobail agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Catherine Byrne TD, Ordú an Achta um Mí-Úsáid Drugaí (Leasú) 2016 (Tosaithe) 2017 (I.R. Uimh. 172 de 2017). Cuireann an tOrdú seo tús le hailt 1, 2, 3, 6 agus 8, agus le míreanna (c), (d) agus (e) d’alt 7 an Achta um Mí-úsáid Drugaí 2016 (Uimh. 9 de 2016) an 4 Bealtaine 2017.
Is é príomhchuspóir an Achta um Mí-Úsáid Drugaí (Leasú) 2016 ná sláinte an phobail a chosaint trí shubstaintí áirithe a bhfuiltear in ann iad a mhí-úsáid, agus a bhfuil a fhios againn go ndéantar iad a thrádáil ar an margadh aindleathach, faoi raon feidhme na reachtaíochta um Mí-Úsáid Drugaí, agus ar an gcaoi sin cúnamh le gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí an Gharda Síochána. Ina theannta sin, ligfidh sé d’Éirinn a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh agus substaintí sícighníomhacha nua a rialú de réir Threoracha an AE agus rialú idirnáisiúnta drugaí.
Tosach Feidhme an Achta um Mí-Úsáid Drugaí (Leasú) 2016:
De bhun an Achta seo tá gá le Rialacháin nua um Mí-Úsáid Drugaí agus Orduithe Gaolmhara chun ligean d’úsáideoirí dlisteanacha (m.sh. gairmithe sláinte, othair le oideas) leanúint de dhrugaí rialaithe áirithe a bheith ina seilbh acu.
Rinneadh na hionstraimí reachtúla seo a leanas a athdhéanamh agus tiocfaidh siad i bhfeidhm an 4 Bealtaine 2017:
Tá roinnt athruithe sna Rialacháin nua um an Mí-Úsáid Drugaí in éadan Rialacháin 1988, arna leasú, agus cuireadh na hathruithe seo san áireamh i gcomhairliúchán poiblí in 2013. Baineann an tionchar is suntasaí atá ag na Rialacháin nua um Mí-Úsáid Drugaí 2017 le beinsodé-asepepíní (diazepam, mar shampla) agus le táibléad codlata ‘z-dhrugaí’ (zopiclone agus zolpidem, mar shampla). Anois, beidh feidhm ag na srianta atá ann cheana maidir le seilbh agus allmhairiú drugaí rialaithe eile le beinsodé-asepepíní agus z-dhrugaí chomh maith.
Tá na Rialacháin nua tar éis athruithe a chur leis na critéir riachtanacha atá le bheith curtha san áireamh chun oideas a dhéanamh i ndáil le gach uile druga rialaithe d’fhonn cuidiú leis an oideasóir, an othar agus an druga rialaithe atá á soláthar a bheith sainaitheanta.
Teastóidh oideas níos airde freisin le haghaidh beinsodé-asepepíní agus z-dhrugaí. Mar sin féin, murab ionann iad agus na drugaí rialaithe i Sceidil 2 agus 3, níl gá ann oideas le haghaidh beinsodiazepine agus z-dhrugaí a bheith lámhscríofa agus is féidir le dochtúirí iad a dhéanamh arís is arís eile fós. Mar sin féin, níor chóir iad a úsáid ach ar feadh tréimhsí gearra cóireála, go hiondúil.
Tá na hathruithe is suntasaí maidir leis an oideas drugaí rialaithe le fáil sa doiciméad ag seo thíos, mar aon le liosta de na drugaí rialaithe i Sceideal 4 Cuid 1.
D’fhonn tionchar na n-athruithe seo ar othair agus ar chleachtóirí a íoslaghdú, leanfaidh na hoidis ar eisíodh iad sula dtagann na rialacháin nua seo i bhfeidhm de bheith bailí.
Caithfidh oidis ar eisíodh iad an 4 Bealtaine 2017 nó dáta ina dhiaidh sin comhlíonadh leis na riachtanais nua maidir le hoideais.
Changes to the ‘Form of Prescriptions’ and ‘Supply on Prescription’ (previously Regulations 13 and 14 of the 1988 Regulations, now Regulation 15 and 16 in the 2017 Regulations)