June Reardon
- Foilsithe: 13 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 23 Aibreán 2026
Ceapadh June ina Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte i mBealtaine 2018. Thosaigh sí in Oifig an Ard-Aighne i mí Eanáir 1996 ina Dréachtóir Parlaiminte Cúnta (ar a dtugtaí Dréachtóir Sinsearach an tráth sin) agus fuair sí ardú céime go Dréachtóir Parlaiminte Cúnta (Grád I) i mí na Samhna 2000 agus ansin go Dréachtóir Parlaiminte i mí na Bealtaine 2005.
Nuair a thosaigh sí san Oifig d’oibrigh June ar iasacht le hOifig Gnóthaí Eachtracha agus Gnóthaí Comhlathais na Ríochta Aontaithe ar feadh bliana ó mhí na Bealtaine 1998 go dtí mí Aibreáin 1999. Bhí sí lonnaithe san Aonad Tacaíochta Reachtaíochta i nGiobráltar, agus ba é cuspóir na hiasachta reachtaíocht intíre a dhréachtú chun bearta reachtacha an Aontais Eorpaigh a thrasuí i nGiobráltar.
Tá Céim Baitsiléir sa Dlí Sibhialta (1987) agus Máistir Dlíthe (1989) aici ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus cháiligh sí mar aturnae in 1991.
D’oibrigh June mar aturnae i gcleachtadh príobháideach le 3 ghnólacht éagsúla aturnaetha i gCorcaigh agus i dTiobraid Árann sular thosaigh sí in Oifig an Ard-Aighne, í ag obair i réimsí an tíolactha agus na probháide den chuid is mó.