Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte
- Foilsithe: 13 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 22 Aibreán 2026
Mar an Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte (ar ionann é agus grád an Ard-Rúnaí), is í June ceannasaí gairmiúil Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas, oifig atá mar chomhchuid d’Oifig an Ard-Aighne.
Tá Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas freagrach as Billí Rialtais agus ionstraimí reachtúla Rialtais a dhréachtú agus as roinnt ionstraimí reachtúla a dhéanann Airí Rialtais a dhréachtú. Ceithre (4) ghrúpa atá in Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas faoi láthair, gach ceann acu freagrach as seirbhísí gairmiúla dréachtaithe reachtaíochta a chur ar fáil do Ranna Rialtais faoi leith. Tá gach grúpa díobh á bhainistiú ag Dréachtóir Parlaiminte ar ghrád arb ionann é agus Rúnaí Cúnta i Roinn Rialtais. Déanann Bainisteoir an Ghrúpa an obair a dhéanann an grúpa áirithe sin a dháileadh agus a mhonatóiriú. An Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte atá freagrach as riarachán gairmiúil na hOifige agus as an monatóireacht fhoriomlán a dhéantar ar an obair san Oifig.
Tá an Príomh-Dhréachtóir Parlaiminte ina chomhalta de Choiste Reachtaíochta an Rialtais a bhfuil Príomh-Aoire an Rialtais ina chathaoirleach air agus atá freagrach as Clár Reachtaíochta an Rialtais a shocrú agus a dhul chun cinn a mhonatóiriú i ngach seisiún de chuid na Dála. Freastalaíonn an tArd-Aighne ar chruinnithe de Choiste Reachtaíochta an Rialtais agus faigheann sé tacaíocht ón bPríomh-Dhréachtóir Parlaiminte, mar aon le Bainisteoirí na nGrúpaí Dréachtóirí Parlaiminte, chun nuashonruithe a chur ar fáil ar dhul chun cinn obair dréachtaithe reachtaíochta Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas ar Bhillí ar thug an Rialtas tosaíocht dóibh.