Margaret Kelleher
- Foilsithe: 13 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 23 Aibreán 2026
Is Dréachtóir Parlaiminte í Margaret agus tá sí ina comhalta den Bhord Bainistíochta in Oifig an Ard-Aighne. Bhain sí céim amach i Litríocht an Bhéarla agus sa Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus d'oibrigh sí ar feadh roinnt blianta ina heagarthóir dlí sinsearach i mórchomhlacht foilsitheoireachta dlí i Londain sular tháinig sí ar ais go hÉirinn chun cáiliú agus cleachtadh mar aturnae.
Sular thosaigh sí in Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas, d'oibrigh Margaret i gcleachtas príobháideach mar aturnae agus speisialtóireacht aici sa dlí coiriúil. Is comhordaitheoir cúrsa í ar an Ard-Dioplóma sa Dréachtú Reachtach i gCumann Onórach Óstaí an Rí.