Dréachtóir Parlaiminte - Grúpa 4

Cuardaigh ar fad gov.ie

Róil

Dréachtóir Parlaiminte - Grúpa 4

Tá Margaret ina ról reatha ó 2014 agus tá sí i gceannas ar fhoireann de shaindhréachtóirí reachtacha, Grúpa 4, d’Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas. Dréachtaíonn an grúpa reachtaíocht phríomha, lena n-áirítear leasuithe ar an mBunreacht, agus reachtaíocht thánaisteach áirithe don Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, don Roinn Gnóthaí Eachtracha, don Roinn Sláinte, agus don Roinn Coimirce Sóisialaí.

I measc na réimsí oibre tá reachtaíocht a bhaineann le dlí na gcuideachtaí, dlí na hiomaíochta, intleacht shaorga, sonraí agus seirbhísí digiteacha agus eadránú chomh maith le meabhairshláinte, dlí atáirgthe agus ábhair eile a bhaineann leis an tsláinte, rialachán maidir le clárú uathoibríoch pinsean agus dlí na fostaíochta.

Is comhalta í de Choiste Reachtaíochta an Rialtais, atá faoi chathaoirleacht an Phríomh-Aoire, agus tuairiscíonn sí don Choiste maidir le reachtaíocht a thagann faoina réimse freagrachta.

Sealbhóirí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat