Noeleen Maughan

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Noeleen Maughan

Ceapadh Noeleen Maughan ina Dréachtóir Parlaiminte i mí na Nollag 2025. Thosaigh sí in Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas i mí na Samhna 2010, tar éis di tréimhse a chaitheamh ag obair ina haturnae i gcleachtas príobháideach ina ndearna sí speisialú den chuid is mó ar réimse na pleanála agus i réimse an dlí comhshaoil agus na dtionscadal bonneagair.

Bhain sí cáilíocht amach ina haturnae in 2002 agus tá Baitsiléir Dlíthe (Onóracha) aici ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus tá Máistir Dlíthe aici ó Ollscoil Londain.

Ról

Dréachtaíonn Noeleen Billí Rialtais agus ionstraimí reachtúla áirithe i raon leathan réimsí lena n-áirítear pleanáil, fuinneamh, comhshaol, iompar agus rialtas áitiúil. Tá sí freagrach as an Aonad um Eagarthóireacht Reachtach laistigh d’Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas, a thacaíonn le seirbhísí dréachtaithe reachtaíochta a chur ar fáil agus a chuireann leo.

Ina Dréachtóir Parlaiminte di, is comhalta den Bhord Bainistíochta in Oifig an Ard-Aighne í agus beidh sí i gceannas ar fhoireann dréachtóirí reachtaíochta a chuireann seirbhísí dréachtaithe ar fáil do roinnt Ranna Rialtais.

Is comhalta í Noeleen de Choiste Reachtaíochta an Rialtais, atá faoi chathaoirleacht an Phríomh-Aoire, agus tuairiscíonn sí don Choiste maidir le reachtaíocht a bhfuil sí freagrach aisti.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat