Abhcóide Comhairleach Grád I - Grúpa B
- Foilsithe: 23 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 23 Aibreán 2026
Tá Abhcóide Comhairleach Grád I – Grúpa B freagrach as soláthar seirbhísí dlí a stiúradh, a chomhordú agus a bhainistiú laistigh dá ngrúpa Abhcóidí Comhairleacha sannta. Áirítear leis sin maoirseacht a dhéanamh ar chomhairle dlí a chuirtear ar fáil do Ranna Rialtais, tacú leis an bpróiseas dréachtaithe reachtaíochta, agus cur le dlíthíocht nuair is gá.
Áirítear an méid seo a leanas sa ról:
- soláthar comhairle dlí a bhainistiú ar fud an ghrúpa mar fhreagra ar iarratais ó Ranna Rialtais agus ó Oifigí Rialtais
- tacú le dréachtú reachtaíochta agus comhairle a thabhairt ina leith, trína gcinntítear go gcomhlíonann tograí oibleagáidí bunreachtúla, oibleagáidí an AE agus oibleagáidí idirnáisiúnta
- maoirseacht a dhéanamh ar obair dlí a bhaineann le cúrsaí Oideachais, Cosanta Leanaí, Tearmainn, Inimirce agus Saoránachta, na príomhréimsí dlí a shanntar do Ghrúpa B
- a chinntiú go gcuirtear gach seirbhís dlí ar fáil go héifeachtúil agus béim ar luach ar airgead
- páirt a ghlacadh mar chomhalta de Choiste Bainistíochta na hOifige, ag cur le rialachas na heagraíochta agus le cinnteoireacht straitéiseach
- comhoibriú go dlúth le hOifig an Phríomh-Aturnae Stáit agus le hOifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas chun tacaíocht dlí chomhordaithe a chinntiú ar fud feidhmeanna comhairleacha, dlíthíochta agus reachtacha.
Is príomhphost ceannaireachta é an ról seo laistigh de struchtúr na nAbhcóidí Comhairleacha, post trína gcinntítear comhairle dlí ar ardchaighdeán agus tacaíocht éifeachtach do chur i bhfeidhm bheartas an Rialtais.