Abhcóide Comhairleach Grád I - Grúpa C

Cuardaigh ar fad gov.ie

Róil

Abhcóide Comhairleach Grád I - Grúpa C

Stiúrann agus a bhainistíonn an tAbhcóide Comhairleach Grád I – Grúpa C an grúpa comhairleach atá freagrach as obair dlí i réimsí na Pleanála, an Chomhshaoil agus na bhFóntas. Áirítear leis sin comhairle dlí ardleibhéil a chur ar fáil do Ranna Rialtais maidir le ceisteanna amhail rialachán pleanála agus forbartha, comhlíonadh maidir leis an gcomhshaol, soláthar poiblí, oibleagáidí reachtúla a bhaineann leis an aeráid, agus rialú fóntas poiblí.

I measc na bhfhreagrachtaí lárnacha tá:

  • comhordú agus maoirseacht a dhéanamh ar obair chomhairleach dlí an ghrúpa maidir le saincheisteanna casta dlí pleanála, comhshaoil agus fóntais
  • treoir agus comhairle a thabhairt maidir le forbairt agus dréachtú reachtaíochta sna réimsí sin, lena gcinntítear comhoiriúnacht le hoibleagáidí dlí bunreachtúla, AE agus idirnáisiúnta.
  • maoirseacht a dhéanamh ar rannpháirtíocht i ndlíthíocht, lena n-áirítear ábhair athbhreithnithe bhreithiúnaigh a eascraíonn as dlí na pleanála agus an chomhshaoil, agus comhoibriú le hOifig an Phríomh-Aturnae Stáit maidir le straitéis dlíthíochta
  • páirt a ghlacadh i gCoiste Bainistíochta na hOifige, cur le comhordú trasoifige, ailíniú na seirbhíse dlí, agus straitéis eagraíochtúil
  • a chinntiú go bhfuil na seirbhísí dlí a chuirtear ar fáil laistigh den ghrúpa ar ardchaighdeán, agus béim á leagan ar éifeachtúlacht, ar chríochnúlacht dhlíthiúil agus ar luach ar airgead
  • tacú le forbairt beartais tras-Rialtais i gcúrsaí comhshaoil, pleanála agus bonneagair trí anailís dlí thráthúil shaineolach a chur ar fáil

Tá ról ríthábhachtach ag an ról seo maidir le tacú le tosaíochtaí an Rialtais i ndáil le rialachán comhshaol, pleanáil bonneagair náisiúnta, agus na creataí reachtacha lena rialaítear na réimsí sin.

Sealbhóirí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat