Jonathan Buttimore
- Foilsithe: 23 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 23 Aibreán 2026
Is Abhcóide Comhairleach Grád I – Grúpa C é Jonathan Buttimore in Oifig an Ard-Aighne. Ina Abhcóide Comhairleach sinsearach agus ina Ard-Rúnaí Cúnta dó ó 2017 i leith, tá sé freagrach as ceann de shé shainghrúpa chomhairleacha na hOifige a stiúradh agus is oifigeach poiblí ainmnithe é faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.
Is abhcóide é Jonathan a thosaigh in Oifig an Ard-Aighne ina Abhcóide Comhairleach in 2001. Gníomhaíonn sé ina chomhairleoir dlí do réimse leathan Ranna Rialtais, lena n-áirítear comhairle a thabhairt maidir le dlíthíocht intíre agus dlíthíocht AE a stiúradh agus reachtaíocht a ullmhú. Áiríodh leis sin saincheisteanna baincéireachta, cosanta, ceartais shibhialta agus talmhaíochta. Tá sé ina Stiúrthóir ar Chlár Iasachta Oifig an Ard-Aighne ó 2018, clár a thacaíonn le hoibriú na nAonad Dlí Intí i 14 Roinn Rialtais.
Sular thosaigh sé san Oifig in 2001, chleacht Jonathan ar feadh 5 bliana sa Leabharlann Dlí agus tá sé cáilithe ina Abhcóide ar Oileán Mhanann áit ar oibrigh sé ar feadh 2 bhliain. Tá Baitsiléir sa Dlí Sibhialta agus Máistir Dlíthe (Dlí Eorpach) ag Jonathan ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bronnfar Máistreacht sa Staidéar Gnó ar Jonathan i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh i mí Mheán Fómhair 2026.