Dréachtóir Parlaiminte - Grúpa 2
- Foilsithe: 13 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 23 Aibreán 2026
Tá Ann sa ról atá aici faoi láthair ó 2021. Tá sí freagrach as na seirbhísí gairmiúla dréachtaithe reachtaíochta, lena n-áirítear Billí agus ionstraimí reachtúla, a dhéanann sainfhoireann de dhréachtóirí reachtaíochta (Dréachtóirí Parlaiminte Cúnta, ar aturnaetha agus abhcóidí iad) a sholáthar, a chomhordú agus a bhainistiú ar son na Ranna Stáit seo a leanas:
- An Roinn Cosanta
- An Roinn Oideachais agus Óige
- An Roinn Airgeadais
- An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- An Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin.
Tagann an dréachtú reachtaíochta a bhaineann le rialáil na seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear an Bille Airgeadais bliantúil, slándáil agus cosaint, oideachas, breisoideachas agus ardoideachas agus airgeadas Rialtais faoi shainchúram Ghrúpa PC 2.
Is comhalta í Ann de Choiste Reachtaíochta an Rialtais, atá faoi chathaoirleacht an Phríomh-Aoire, agus tuairiscíonn sí don Choiste maidir le dréachtú reachtaíochta a thagann faoina réimse freagrachta.