Policy debate: Preparing for the future – Recovery of the culture and media sector from the COVID-19 Pandemic Gaeilge
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuir i gcomparáid leis an óráid mar a tugadh í.
Bail ó Dhia oraibh ar maidin, a chomhghleacaithe. Is mise Catherine Martin. Tá freagracht glactha agam as an Aireacht Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán in Éirinn le déanaí. Tá an-áthas orm a bheith os bhur gcomhair inniu agus táim ag súil le casadh libh ceart nuair a bheidh ar ár gcumas sin a dhéanamh.
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le hUachtaránacht na Gearmáine as cruinniú an lae inniu a óstáil agus as a cuid oibre le cúig mhí anuas ar chúrsaí tábhachtacha rialála agus beartais i gcúinsí fíordhúshlánacha de bharr na paindéime.
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Uachtaránacht chomh maith as na nithe a bhfuil aird tarraingthe aici orthu sa pháipéar beartais a scaipeadh len é a phlé inniu. Cé go bhfuil drochthionchar phaindéim COVID ar an saol, ar an sochaí agus ar an ngeilleagar ar fud na hEorpa fós le brath againn ar fad, tá cúis againn beagán dóchas a bheith againn, ach a bheith aireach ina leith, go mbeidh vacsaíní á leathadh amach go luath in 2021.
Chuige sin, fáiltím an deis seo mar atá scála na dtacaíochtaí, nach bhfacthas riamh cheana, atá á gcur i bhfeidhm faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil agus faoi Next Generation EU ábalta cuidiú leis an earnáil cultúir, le hearnáil na cruthaitheachta agus le hearnáil na meán, téarnamh a bhaint amach sa ghearrthéarma agus teacht aniar agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach araon a chinntiú. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí an pacáiste maoinithe seo a chomhaontú chomh luath agus is féidir.
Tá sé tábhachtach ar dtús a aithint gurbh é agus gurb é Clár Ildánach na hEorpa an príomhionstraim atá ann chun tacú leis an earnáil cultúir agus cruthaitheachta ag leibhéal an AE agus forbairt a dhéanamh ina leith. Rachaidh an méadú 50% i maoiniú atá beartaithe do Chlár Ildánach na hEorpa 2021-2027 agus an tús-ualú atá beartaithe maidir leis an maoiniú sin sna chéad blianta den chlár go mór i dtreo cuidiú leis na hearnálacha cultúir, cruthaitheacha agus meán an fód a sheasamh agus téarnamh a bhaint amach.
Ach, tá an-aird tarraingthe ag an bpaindéim áfach ar chomh leochaileach agus atá an earnáil cultúir agus cruthaitheachta i dtaobh taibhléirithe, léirithe agus inghluaiseachta, agus tá ioncam agus deiseanna scriosta de bharr na leochaileachta sin. Ní bheidh Eoraip Ildánach ábalta an earnáil is mó a d'fhulaing le linn an ama seo a atógáil léi féin.
Is é sin an fáth go bhfuil an cur agus cúiteamh seo tráthúil agus tábhachtach. I mo cháil dom mar Aire Turasóireachta agus Meán, táim i bhfabhar níos mó eolais chomhordaithe agus spriocdhírithe ar chláir mhaoinithe AE eile don earnáil cultúir agus cruthaitheachta agus go gcuirtí an earnáil san áireamh níos minice maidir le cláir ábhartha AE agus maidir le hionstraimí téarnaimh, mar an tSaoráid um Théarnamh agus Acmhainneacht agus REACT EU.
Maidir leis an gcéad phointe, cinnte is fiú tairseach eolais bainistithe agus spriocdhírithe chun iad a bheith ina lón eolais don earnáil cultúir agus do bhainisteoirí clár náisiúnta ar chláir mhaoinithe AE ábhartha a scrúdú tuilleadh. Ba cheart eolas a chuimsiú i dtairseach ar bith den sórt sin ar shineirge idir cláir mhaoinithe agus na hearnálacha a d'fhéadfadh iarratas a dhéanamh ar ghlaonna do thograí. Mar shampla, tugadh go leor poiblíochta in Éirinn don ghlao Erasmus+ le déanaí ar chomhpáirtíochtaí straitéiseacha chun borradh a chur faoin gcruthaitheacht agus faoin gcultúr agus bhí an-spéis ag an earnáil cultúir agus cruthaitheachta ann. Ach, chun éifeachtúlacht cheart a bhaint amach áfach, theastódh an teacht atá ar eolas a bheith ag teacht le níos mó oiliúint a chur ar fáil, cur le hacmhainní agus deiseanna líonraithe d'iarratasóirí agus do bhainisteoirí clár náisiúnta chun a chinntiú go dtuigtear riachtanais na scéime agus an próiseas iarratais go huile agus go hiomlán.
Maidir leis an dara pointe, tá Éirinn ag cur cur chuige ‘solas tráchta' i bhfeidhm ar thaisteal, tabharfaidh sin níos mó cinnteachta d'oibritheoirí cultúir i dtaobh taistil don obair. Ina theannta sin, agus i gcomhréir leis an méid atá leagtha amach agam cheana, tacaíonn Éirinn le teacht níos struchtúrtha a bheith ag an earnáil cultúir ar chláir ábhartha AE agus an tsaoráid téarnaimh. Tá cláir AE agus an tsaoráid téarnaimh bunaithe ar théarnamh glan agus glas, ar úsáid fhuinneamh in-athnuaite, ar nascthacht agus digitiú níos fearr, ar athoiliúint agus ar uasoiliúint. Tá príomhról le glacadh ag an earnáil cultúir ina leith sin. Is léir ón bpaindéim go bhfuil an earnáil sofhreagrúil. Táthar ag déanamh athrú ar an earnáil trí uasoiliúint, oiliúint i dtaobh digitiú agus trí leas a bhaint as an gcruthaitheacht san earnáil chun an fód a sheasamh.
Ní hamháin go bhfuil luach bunúsach mór ag baint leis an gcultúr tá sé ríthábhachtach chomh maith chun an geilleagar a choinneáil ag imeacht trí fhostaíocht a chur ar fáil agus trí bheith ag cur le táirgiúlacht. Ní mór an luach a bhaineann leis i dtaobh sláinte, folláine agus i dtaobh na foghlama fad saoil, mar aon leis an bpáirt a ghlacann sé in aghaidh a thabhairt ar fheasacht a ardú maidir le saincheisteanna móra na linne seo, mar an phaindéim, an ghéarchéim athraithe aeráide agus an clár forbartha inbhuanaithe a thuiscint agus a úsáid. Déanfar sin a éascú trí aitheantas a thabhairt laistigh agus trí níos mó rochtain struchtúrtha a thabhairt ar chláir eile AE agus ar an tsaoráid téarnaimh.
Ina theannta sin, bheadh sé tairbheach chomh maith dá mbeadh níos mó rogha tugtha maidir le rialacha cúnaimh stáit chun cuidiú le Ballstáit tacaíochtaí spriocdhírithe a chur ar fáil d'earnáil na meán agus d'earnálacha eile a bhfuiltear ag cur isteach orthu.
Nuair a thosaigh cruinniú Neamhfhoirmeálta na Comhairle an 8 Aibreán seo caite, d'eisigh Airí ó 26 Ballstát Fógra trínar breithníodh, i measc nithe eile, go ndéanfaí an cúnamh a chuireann cistí agus cláir AE ar fáil a dháileadh ar an earnáil cultúir agus cruthaitheacha agus go gcuireann sé le téarnamh na hearnála.
Ní mór dúinn, inár gcáil mar Airí don Chultúr agus do na Meáin, seasamh láidir a ghlacadh ar son na hearnála. Ní mór dúinn obair a dhéanamh ag leibhéal AE agus ag leibhéal náisiúnta chun a chinntiú go bhfuil siad ábalta teacht a bheith acu ar thacaíochtaí ábhartha AE agus go mbeidh siad ábalta, ní hamháin an fód a sheasamh ach a bheith faoi bhláth agus muid ag teacht as an bpaindéim.
A chairde, ní raibh a leithid de bhliain againn riamh cheana. Tá na taibhealaíona i measc na n-earnálacha is mó a bhfuil drochthionchar imeartha orthu. Sa díospóireacht seo táimid dírithe ar conas earnáil an chultúir a thabhairt shlán sa todhchaí, agus sa chomhthéacs sin, an bhféadfainn a mholadh go ndéanfaimis machnamh ar conas is féidir linn ceiliúradh a dhéanamh ar filleach an léiriu beo nuair atá sé sábháilte do na Ballstáit ar fad é sin a dhéanamh. B’fhéidir go bhféadfaimis ceolchoirm comhuineach a chur ar bun ó ionaid atá athoscailte ar fud na hEorpa, chun muid a thabhairt le chéile, chun ár gcóithe a ardú agus chun ár n-ealaíontóirí iontacha agus éagsúlacht ár gcultúir chomhroinnte a léiriú don domhan mór.
Go raibh maith agaibh.