Óráid ón Taoiseach, Micheál Martin TD, maidir le Leibhéal 3 den Phlean chun Maireachtáil le Covid-19 a bheith curtha i bhfeidhm in Éirinn, le bearta speisialta le haghaidh Nollaig shábháilte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preasoifig an Rialtais
Seiceáil i gCoinne Seachadta
Tráthnóna maith agaibh.
Beagnach sé seachtainí ó shin, sheas mé anseo agus labhair mé libh faoin ngníomh práinneach a bhí le déanamh againn le chéile chun rátaí arda ionfhabhtaithe Covid a laghdú.
Ag an bpointe sin, bhí chomh maith is a bhí ag éirí le srianta Leibhéal 3 le feiceáil againn maidir le moill a chur ar scaipeadh an ghalair.
Mar sin féin, bhí sé riachtanach dul níos faide chun rátaí ionfhabhtaithe a laghdú ag am nuair a bhí borradh mór faoi víreas san Eoraip.
Agus mar sin, sna laethanta ina dhiaidh sin, chuamar ar aghaidh le chéile chun iarracht mhór náisiúnta eile a dhéanamh chun an galar a leithlisiú agus a bhrú siar.
Ní raibh sé éasca.
Tá íobairtí móra déanta ag go leor daoine agus ag gnólachtaí.
Agus tá go leor eile bréan de Covid-19 agus gach rud a tháinig leis le naoi mí anuas.
Tuigim an mothúchán sin. Go minic mothaím féin mar a chéile.
An glaoch rolla gan staonadh maidir le líon na n-ionfhabhtaithe agus na srianta; na rudaí beaga sin, a mbaineann muid ar fad taitneamh astu ar bhonn laethúil, gan iad ar fáil níos mó - tá sé dian agus tá sárú intinne ann.
Ach de réir mar a théann muid tríd an saol laethúil leis an troid in aghaidh Covid, tá sé éasca dearmad a dhéanamh ar mhéid an ruda seo a bhfuilimid ag troid ina choinne.
Anocht, agus mé ag labhairt libh, tá níos mó ná 3,000 duine ar an oileán seo básaithe de bharr an víris.
Is líon uafásach é sin.
Agus in éineacht leis an líon sin, tá na mílte comhpháirtithe, leanaí, deartháireacha agus deirfiúracha agus cairde fós faoi bhrón. Tá go leor daoine fós ag streachailt le comharthaí an víris agus leis an lorg a d’fhág sé ina dhiaidh.
Cuimhníonn muid orthu; agus tugann na hiarrachtaí agus na híobairtí a rinneamar le linn na bliana seo onóir dóibh.
Is deáscéal spreagúil é go bhfuil na hiarrachtaí agus na híobairtí a rinne gach duine againn ag obair.
Sábháladh daoine ón mbás.
D’fhoghlaimíomar príomhcheachtanna ón gcéad ráig agus leis an iarracht mhór náisiúnta seo, chuireamar an víreas ar ais go dtí an pointe ina bhfuil an dara ráta ionfhabhtaithe is ísle againn san Aontas Eorpach anois.
D'éirigh linn é seo a bhaint amach mar gur ghlac sibhse freagracht phearsanta, tuigeann sibh an chontúirt a bhaineann leis an méid a bhfuilimid ag déileáil leis agus rinne sibh roghanna a laghdaigh an riosca.
D'éirigh linn é seo a bhaint amach, leis na scoileanna, na háiseanna cúraim leanaí, an earnáil tógála agus na seirbhísí miondíola riachtanacha ar fad ar oscailt agus rinneamar é mar gheall ar thiomantas na n-oibrithe i ngach ceann de na hearnálacha sin.
Agus d’éirigh linn é seo a bhaint amach, le leibhéal acmhainne sna hospidéil á choinneáil agus tugadh aire do dhaoine tinne ar fud na tíre mar gheall ar mhisneach agus dúthracht leanúnach ár bpobal cúraim sláinte.
Dúirt an Pápa Proinsias, agus é ag machnamh le déanaí ar an bpaindéim,
“Sin iad na naoimh béal dorais… Is iadsan na hantashubstaintí don víreas fuarchúiseach. "
Agus mar sin, cad a tharlóidh anois?
Tá go leor tuairimíochta déanta sna meáin le roinnt laethanta agus seachtainí agus cuireadh ceist maidir leis an gcuma a bheidh ar Nollaig fhiúntach. Ardaíodh go leor ceisteanna cuí agus córa chun tacú le hearnálacha agus leasanna éagsúla.
Thug an Rialtas fíor-aird agus mheasadar comhairle na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí. Rinneamar mionscrúdú freisin ar thaighde breise ar an gcaoi a bhfuil an galar ag scaipeadh agus na gnéithe a mbíonn tionchar acu air seo.
D'éist muid agus rinneamar staidéar ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil dúinn, agus is éard ba mhaith liom a dhéanamh anois a leagan amach, a shoiléire agus a ghonta agus is féidir, an chuma a bheidh ar an tréimhse atá le teacht.
Ní híé seo an cineál Nollag a bhfuil cleachtadh againn uirthi, ná ní féidir léi a bheith, ach is tréimhse an-speisialta a bheidh inti nuair a bheimid go léir in ann taitneamh a bhaint as beagán faoisimh ón anró a d’fhulaing muid le linn 2020 agus go háirithe le sé seachtainí anuas.
Ón 1 Nollaig, cuirfear Leibhéal 3 de Chreat Náisiúnta an Rialtais chun maireachtáil le Covid-19 i bhfeidhm, le roinnt athruithe. Tá cuid mhaith de na sonraí a bhaineann leis seo ar fáil sa treoir a seoladh chuig gach teach, agus beidh sonraí uile na céime seo ar fáil ar shuíomh Idirlín an Rialtais.
Seo a leanas cuid de na phríomhghnéithe:
Agus na srianta á maolú againn, táimid ag dul chomh fada agus a chreidimid is féidir chun an chothromaíocht is fearr a bhaint amach maidir le cúrsaí sláinte, eacnamaíochta agus sóisialta. Ach ní rachaimid níos faide.
Tá mé féin agus an Rialtas sásta go sroichfidh an meascán seo de shocruithe nua cothromaíocht shábháilte idir brú a choinneáil ar an ngalar agus spás a chruthú do theaghlaigh, do chairde agus do ghaolta go mbeidh siad in ann a bheith le chéile an Nollaig seo.
Tiocfaidh an Bhliain Nua tar éis na Nollag.
Tosóidh na laethanta ag fáil níos faide arís agus is féidir linn aghaidh a thabhairt ar 2021 le dóchas athnuaite. Bhíomar ar fad ar bís ag féachaint ar an nuacht faoi fhorbairt sraith vacsaíní a bhfuil cuma na maitheasa ar na torthaí.
Tá Tascfhórsa Náisiúnta Vacsaíní ag obair cheana féin agus cinnteofar go mbeimid réidh, mar thír, chun bogadh go tapa agus go héifeachtúil chun vacsaíní sábháilte a chur amach nuair a bheidh siad ceadaithe agus ar fáil.
Tá maoiniú agus príomhchonarthaí i bhfeidhm. Beidh an dáileadh tapa, cuimsitheach agus cothrom.
Ní chuirfidh vacsaíní sábháilte deireadh leis an víreas seo leo féin. Agus fiú má chuirtear clár vacsaínithe i bhfeidhm beidh orainn fós achar sábháilte a choinneáil agus na bearta rialaithe bunúsacha eile go léir a chleachtadh, ach réiteoidh an clár vacsaínithe an cosán amach as an bpaindéim seo agus cuirfidh sé ar an mbóthar muid chun an tsochaí agus an geilleagar a athoscailt go sábháilte.
Agus muid ag imeacht ó shrianta Leibhéal 5, déanaimid é sin gan fonn orainn dul ar ais go dtí an leibhéal sin.
Agus cé gur faoin Rialtas a bheidh sé na cinntí sin a dhéanamh sna míonna amach romhainn, is ag gach saoránach sa tír atá an chumhacht chun é sin a chosc.
Ag labhairt dó aréir, mheabhraigh Mike Ryan, de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte, rud tábhachtach dúinn. Is daoine cliste muid, is féidir linn faisnéis a phróiseáil agus tá a fhios ag gach duine againn conas riosca a bhainistiú.
Inár gcuid idirghníomhaíochtaí sa tréimhse amach romhainn, tá freagracht ar gach duine againn riosca a bhainistiú.
Tar éis naoi mí ag foghlaim faoin gcaoi a scaipeann an víreas seo inár bpobal, tá ceacht mór amháin tagtha chun cinn: COMHAIREANN GACH TEAGMHÁIL
Más mian linn an víreas a stopadh ní mór dúinn teagmhálacha taobh amuigh de chiorcal beag a theorannú.
Tá seandaoine na tíre go háirithe, a bhfuil meas mór againn orthu agus a chuireann go mór lenár sochaí agus lenár náisiún, i mbaol an ghalair seo. Tá siad ag brath ar an gcuid eile againn a bheith freagrach.
Tá ár bpobail ghnó, ealaíon agus cultúir ag brath ar gach duine a bheith freagrach. Sin an t-aon bhealach ar féidir linn dul chomh fada chun cabhrú leo athoscailt go hiomlán.
Agus tá ár bpáistí ag brath orainn freisin. Bhí bliain an-dúshlánach acu agus táimid go mór faoi chomaoin acu saoirsí iomlána na hóige a thabhairt ar ais a luaithe agus is féidir.
Agus tá teachtaireacht agam dár bpáistí.
Tá a fhios agam gur am an-speisialta den bhliain é seo daoibh, agus tá a fhios agam gur oíche an-speisialta í seo leis an Toy Show ag teacht go gairid.
Ach ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh. Is inspioráid é bhur neart agus an bealach ar dhéileáil sibh le dúshlán Covid.
Coinníonn sibh ag imeacht muid agus spreagann sibh muid. Is sibhse todhchaí na tíre seo agus ba mhaith linn go léir a chinntiú go mbeidh an deis agaibh fás agus leas a dhéanamh.
Cloisfidh sibh go leor faoi Roald Dahl anocht. Ag teacht leis sin, cuimhnigh ar an méid a dúirt na sionnaigh bheaga lena n-athair, an Fantastic Mr. Fox, “Is féidir linn é a dhéanamh! Feicfidh tú mura féidir linn. Is féidir leatsa freisin!"
Ba bhliain ar leith a bhí in 2020.
I mbliana léirigh muid athléimneacht iontach mar thír agus íobairtí ollmhóra déanta againn ar mhaithe leis an leas coiteann.
Mar gheall ar chuid de na híobairtí sin tá an deis againn anois taitneamh a bhaint as Nollaig dhifriúil, ach Nollaig speisialta.
Is féidir linn a bheith lenár ngaolta,
agus cuimhneoidh muid orthu siúd atá imithe romhainn.
Tiocfaimid tríd seo le chéile.
Mar a deirtear,
“Le spiorad na meithle i measc mhuintir na tíre seo éireoidh linn dóchas a spreagadh agus tiocfaimid slán”.
Go raibh míle maith agaibh.