Fógraíonn an tAire Humphreys go bhfuil Scéim nua leathnaithe Liúntais Breosla ar oscailt anois d'iarratais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialta, Heather Humphreys TD, inniu go n-osclófar iarratas nua ar líne ar scéim an Liúntais Bhreosla.
Tacóidh an córas nua leis an leathnú is mó a rinneadh riamh ar an Scéim Liúntais Bhreosla, scéim a bhfuiltear ag súil uaithi go mbeidh os cionn 80,000 teaghlach breise incháilithe den chéad uair d'íocaíocht.
Mar chuid den leathnú seo, tá Tástáil Acmhainn Daoine Os Cionn 70 nua um Liúntas Breosla á tabhairt isteach. Fúithi seo:
Is é seo a leanas an Neamhaird nua Caipiteal/Coigiltis ar Liúntas Breosla i leith Daoine Os Cionn 70 bliain d'aois:
Acmhainní Seachtainiúla | Caipiteal atá faoi mheasúnú |
An chéad €50,000 | Neamhní |
An chéad €10,000 eile | €1 in aghaidh €1,000 |
An chéad €10,000 eile | €2 in aghaidh €1,000 |
Iarmhéid (aon chaipiteal os cionn €70,000) | €4 in aghaidh €1,000 |
Agus an scéim nua á fógairt aici i leith Daoine Os Cionn 70 Bliain d'Aois, dúirt an tAire Humphreys:
"Mar Aire, an rud nár mhaith liom a fheiceáil is é go mbeadh eagla ar aon seanduine an teas a chur ar siúl.
"D'oibrigh ár seanóirí go dian ar feadh a saoil; tá a gcuid déanta acu agus ba mhaith liom a chinntiú go mbeidís ina suí go te.
"Sin an fáth go bhfuil an scéim nua Liúntais Bhreosla seo i leith Daoine Os Cionn 70 bliain d'aois á tabhairt isteach agam, a chinnteoidh go mbeidh na mílte agus na mílte duine aosta eile sa bhreis cáilithe anois don íocaíocht.
"Tá iarratas nua ar líne forbartha ag mo Roinn atá éasca le húsáid agus beidh sé oscailte d'iarratais ón lá inniu. Mholfainn go láidir dóibh siúd a cheapfadh go mb'fhéidir go mbeidís incháilithe anois don íocaíocht iarratas a dhéanamh ar líne trí MyWelfare.ie.
"Is é iarratas ar líne an bealach is gasta agus is éasca le hiarratas a dhéanamh. Mar sin féin, mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne tá foirm iarratais ar fáil ar www.gov.ie/fuelallowance nó trí theagmháil a dhéanamh le 081 820 0400. Beidh leagan níos giorra den fhoirm ar fáil do dhaoine os cionn 70 bliain d'aois as seo go ceann coicíse."
D'fhógair an tAire inniu freisin go leathnófaí an Scéim chaighdeánach Liúntais Bhreosla i leith Daoine Faoi 70 bliain d'aois:
Ón 2 Eanáir 2023:
Is é an bealach is éasca agus is gasta chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Breosla ná tríd an gCóras Iarratais nua ar Líne ag MyWelfare.ie . Beidh an córas nua ar fáil d'iarratais ón lá inniu. Tiocfaidh gach athrú i bhfeidhm ón 2 Eanáir, 2023, ach is féidir leat iarratas a dhéanamh anois roimh ré.
Tá an Roinn ag súil le héileamh suntasach faoi na bearta nua Liúntais Breosla agus déanfar a n-íocaíochtaí a shiardhátú dóibh siúd a cháilíonn, de réir mar is cuí, go dtí an 2 Eanáir, 2023.