Deimhníonn an tAire Foley tarscaoileadh na dtáillí le haghaidh Scrúduithe Stáit 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu (Déardaoin 3 Feabhra) gur tarscaoileadh na táillí le haghaidh scrúduithe na hArdteistiméireachta agus scrúduithe na Sraithe Sóisearaí 2022.
Ní bheidh ar scoláirí na táillí a íoc. De ghnáth bheadh €116 agus €109 i gceist i gcás scrúduithe na hArdteistiméireachta agus scrúduithe na Sraithe Sóisearaí faoi seach.
Dúirt an tAire Foley:
“Tá iarracht déanta againn soiléireacht agus cinnteacht a thabhairt do scoláirí an tseachtain seo trí na socruithe le haghaidh scrúduithe 2022 a dhearbhú agus tá áthas orm a dhearbhú inniu go bhfuil táillí scrúduithe Stáit na bliana seo á dtarscaoileadh.”
Beidh amchláir na scrúduithe Stáit ar fáil ag examinations.ie sna laethanta amach romhainn.
Tabharfar tacaíocht agus treoir shoiléir do scoileanna maidir leis na socruithe don scrúdú i mbliana a bheidh faoi threoir chomhairle Shláinte Poiblí.
Cuirfear eolas ar na hathruithe ar na scrúduithe Ardteistiméireachta ar fáil ar gov.ie/LeavingCertificate agus ar examinations.ie an tseachtain seo chugainn.
Beidh eolas ar scrúduithe na Sraithe Sóisearaí ar fáil ar gov.ie/juniorcycle
CRÍOCH