Leas-Phríomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte an Dr Ronan Glynn: Oibríonn an vacsaín COVID-19
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le seachtainí beaga anuas chonaiceamar tráchtaireacht mhéadaithe, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, maidir le hionfhabhtuithe i ndaoine a bhí vacsaínithe go hiomlán. Tá sé tábhachtach agus anailís á déanamh ar na sonraí seo go gcuirtear iad i gcomhthéacs an chion den daonra iomlán a vacsaíníodh.
Tá líon daoine á vacsaíniú thar a bheith ard in Éirinn agus tá sé ag méadú i gcónaí. De réir mar a mhéadaíonn rátaí daoine atá vacsaínithe, beidh níos mó daoine vacsaínithe ná níos lú daoine gan vacsaíniú sa daonra. Mar thoradh ar sin, méadóidh cion na gcásanna i ndaoine vacsaínithe. Mar shampla, dá bhfaigheadh an daonra uile vacsaíniú ansin bheadh 1000% de chásanna COVID-19 ag na daoine a fuair vacsaíniú.Ní chiallaíonn sé seo nach bhfuil vacsaíní ag obair.
Bealach maith le smaoineamh air seo ná maidir le sábháileacht ar bhóithre- tá crios sábháilteachta á chaitheamh ag tromlach na ndaoine a fhaigheann bás ar ár mbóithre. Ní chiallaíonn sé seo nach n-oibríonn criosanna sábháilteachta. Ní léiríonn sé ach go gcaitheann mórchuid na ndaoine criosanna sábháilteacha agus iad ag tiomáint agus, ar an drochuair, beidh cuid acu i dtimpistí. Mar sin féin, i gcás gach duine aonair, tá baol gortaithe trom nó bás sa timpiste sin i bhfad níos ísle má tá crios sábháilteachta á chaitheamh acu.
Cé go dtiocfaidh méadú ar líon na gcásanna i ndaoine vacsaínithe, is féidir linn a bheith muiníneach go laghdóidh líon iomlán na gcásanna i ndaoine vacsaínithe le himeacht ama. Chonacthas é seo cheana in aoisghrúpaí níos sine. Mar shampla, cé go raibh 67% de na cásanna le coicís anuas sna daoine sin atá 65 bliana d’aois agus níos sine agus go bhfuil dhá vacsaín faighte acu, tá líon iomlán na gcásanna san aoisghrúpa seo (764) i bhfad níos lú ná mar a bhí sé le linn rabharta COVID-19 roimhe seo. Tóg próifíl ghalair den chineál céanna i mí Feabhra seo caite, mar shampla bhí 3,379 cás thar thréimhse coicíse san aoisghrúpa céanna.
Nuair a fheicimid cásanna i ndaoine vacsaínithe, caithfimid cuimhneamh ar na rudaí nach bhfuil á fheiceáil againn. Is é an rud nach bhfeicimid ná méid eile ionfhabhtaithe, daoine á gcur san ospidéal nó daoine ag fáil bás á choisc ag an vacsaíniú.
Dar ndóigh, níl aon vacsaín 100% éifeacthach agus beidh roinnt daoine a vacsaíníodh go hiomlán fós ionfhabhtaithe le COVID-19, agus éiríonn siad tinn uathu. Mar sin féin, tá an riosca aonair a bhaineann le géarbhreoiteacht nó bás i
bhfad níos ísle ná mura mbeadh siad vacsaínithe. Léirítear é seo inár sonraí aonaid dianchúraim agus sonraí básmhaireachta. Ón 1ú Aibreán, as 169 duine fásta a tógadh isteach san aonad dianchúraim le COVID-19 ní raibh ach 6 vacsaínithe go hiomlán níos mó ná 14 lá roimh a ndiagnóis. As 155 duine fásta a fuair bás le COVID-19 ón 1ú Aibreán ní raibh ach 7 dóibh vacsaínithe go hiomlán níos mó na 14 lá roimh a ndiagnóis.
Oibríonn vacsaíní. Tá siad thart ar 80% éifeachtach maidir le galar síntómach COVID-19 a chosc agus soláthraíonn siad cosaint thart ar 95% i gcoinne iontrálacha ospidéil - agus tá an chosaint seo ar ghalair thromchúiseacha fiú amháin i gcomhthéacs an athraitheora Delta.
Thaispeáin clár vacsaínithe COVID-19 ní amháin an iarracht eolaíoch agus leighis is fearr, ach dlúthpháirtíocht inmholta freisin ag na daoine a tháinig ar aghaidh chun vacsaín a fháil ar mhaithe leo féin agus lena bpobal níos leithne. Ar ndóigh, cé gur glacadh iontach é, tá go leor ann nár thapaigh an deis fós cosaint a fháil trí vacsaíniú. Dóibh siúd atá fós neamhchinnte, a bhfuil ceisteanna nó buarthaí acu, faigh faisnéis le do thoil trí do dhochtúir ginearálta nó cógaiseoir, féach ar an bhfaisnéis atá ar fáil ar hse.ie nó cuir ceisteanna ar HSELive.
CRÍOCH