Athbhreithniú ar oibriú an Achta Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018 Cathaoirleach Neamhspleách a cheapadh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, tar éis Marie O’Shea Uasal BL a cheapadh ina Cathaoirleach neamhspleách ar an athbhreithniú ar an Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018.
Síníodh Acht 2018 ina dhlí an 20 Nollaig 2018 agus cuireadh tús leis an 1 Eanáir 2019. Is é an cuspóir atá leis an dlí a rialaíonn rochtain ar fhoirceannadh toirchis in Éirinn a leagan amach. Ceadaíonn sé foirceannadh toirchis a dhéanamh i gcás ina bhfuil baol do shaol nó dochair thromchúiseach do shláinte na mná torracha, lena n-áirítear i gcás éigeandála; ina bhfuil baol den sórt sin i láthair ar dóigh dó a bheith ann bás an fhéatas a bheith mar thoradh air roimh 28 lá breithe nó laistigh de, agus gan srian suas le 12 sheachtain an toirchis.
Faoi alt 7 den Acht, ní mór athbhreithniú ar oibriú an Achta a thionscnamh laistigh de thrí bliana óna thosach feidhme, i.e. roimh Eanáir 2022. Cuireadh an clásal athbhreithnithe san áireamh san Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018 d’fhonn monatóireacht ar thionchar, oibriú agus éifeachtúlacht na reachtaíochta i gcleachtas a éascú, chomh maith le seachadadh seirbhísí sa réimse.
Ag fáiltiú roimh cheapachán Uasal O’Shea ina Cathaoirleach Neamhspleách, dúirt an tAire:
“Tá áthas orm a fhógairt go ndéanfaidh Marie O’Shea an t-athbhreithniú seo. Tá saineolas dlíthiúil suntasach aici mar aon lena taithí ar bhainistíocht tionscadal agus ar thaighde san earnáil chúram sláinte, agus táim muiníneach go ndéanfaidh sí an obair thábhachtach seo go críochnúil agus go héifeachtach.”
Cuireadh tús anuraidh leis an athbhreithniú ar oibriú an Achta, a chuimsíonn dhá chéim. Le linn na chéad chéime den athbhreithniú, baileofar faisnéis agus fianaise ar éifeachtacht agus ar fheidhmiú an Achta ó mhná a úsáideann an tseirbhís, ó ghairmithe sláinte a sholáthraíonn an tseirbhís agus ón bpobal. Cuireadh tús leis an gcéad chéim anuraidh.
Beidh an dara céim den athbhreithniú faoi stiúir an Chathaoirligh neamhspleách a dhéanfaidh measúnú ar a mhéid atá cuspóirí an Achta bainte amach, ag déanamh anailíse chuige sin ar thorthaí na dtrí shnáithe faisnéise, ar éifeachtacht agus ar oibriú an Achta.
Ag labhairt dó ar an athbhreithniú, dúirt an tAire:
“Beidh taighde neamhspleách arna choimisiúnú chun an t-úsáideoir seirbhíse agus na soláthraithe seirbhíse a chur ar an eolas mar phríomhghnéithe den athbhreithniú. Cuirfidh an Cathaoirleach torthaí an taighde, chomh maith le torthaí an chomhairliúcháin phoiblí, san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar a mhéid atá cuspóirí an Achta bainte amach. Tarraingeoidh an Cathaoirleach freisin ar thorthaí taighde ábhartha eile arna athbhreithniú ag piaraí agus rachaidh sé i gcomhairle tuilleadh le páirtithe leasmhara de réir mar is gá."
D’fhógair an tAire Donnelly comhairliúchán poiblí (www.gov.ie/topreview www.gov.ie/topreview) maidir le hoibriú an Achta i mí na Nollag 2021, a mhairfidh go dtí an 1 Aibreán 2022.
Agus é ag meabhrú don phobal faoin gcomhairliúchán, dúirt an tAire:
“Mholfainn do gach duine ar mhaith leo a dtuairimí a nochtadh faoin Acht a bheith rannpháirteach sa chomhairliúchán poiblí. Tabharfaidh sé deis do bhaill an phobail, eagraíochtaí, geallsealbhóirí, grúpaí abhcóideachta atá ag obair sa réimse agus gach páirtí leasmhar eile eolas a thabhairt don athbhreithniú ar oibriú na reachtaíochta. Breithneoidh taighde cáilíochtúil domhain ar leithligh oibriú an Achta go sonrach ó pheirspictíochtaí an úsáideora seirbhíse agus ó sholáthraithe seirbhíse, ach tá fáilte mhór roimh úsáideoirí seirbhíse agus soláthraithe seirbhíse a dtuairimí a thabhairt tríd an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí seo."
Tá taighde á dhéanamh ag an Dr Catherine Conlon, Ollamh Comhlach, Coláiste na Tríonóide, a bhfuil staidéar cáilíochtúil mór á dhéanamh aici chun anailís a dhéanamh ar chúram um thoircheas neamhbheartaithe agus ginmhilleadh. Ginfidh an staidéar, arna choimisiúnú ag Clár Sláinte Gnéis agus Toirchis Ghéarchéime FSS, tuiscint dhomhain ar eispéiris na mban a raibh rochtain acu ar sheirbhísí cúraim ginmhillte ó cuireadh tús leis an Acht.
Tá taighde neamhspleách á choimisiúnú freisin ar thuairimí soláthraithe seirbhíse ar oibriú na reachtaíochta. Tá an próiseas tairisceana don taighde ar bun, agus foilsíodh iarratas ar thairiscintí ar láithreán gréasáin eTenders an Rialtais i mí na Nollag.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Tá áthas orm go bhfuil an t-athbhreithniú tábhachtach seo ar Acht a ritheadh tar éis toradh reifrinn stairiúil á chur chun cinn againn. Nuair a bheidh a cuid oibre críochnaithe ag an gCathaoirleach in 2022, cuirfear tuarascáil deiridh chugam le haon mholtaí riachtanacha. Táim ag tnúth le tuairimí daoine a chloisteáil agus le toradh an phróisis athbhreithnithe seo."
CRÍOCH
Is Abhcóide Dlí í Marie O’Shea Uasal agus tá sí ag cleachtadh ag an mBarra ó 2004 i leith. Is idirghabhálaí creidiúnaithe agus bainisteoir tionscadail í freisin. Tá suim láidir ag Ms O'Shea i dtaighde ar chórais sláinte agus rinne sí go leor tionscadal taighde ag Scoil an Altranais, an Chnáimhseachais agus na gCóras Sláinte UCD. Scríobh sí tuarascáil ar “The Legal Aspects of the Health Service Executive’s Home Birth Service – A Review of Legislation and Case Law”, agus athbhreithniú ar na caidrimh rialachais idir an Stát agus eagraíochtaí Alt 38, arna choimisiúnú ag an bhFóram Cúram Sláinte Deonach.
Thug an tUasal O'Shea léachtaí i Scoil an Altranais, an Chnáimhseachais agus na gCóras Sláinte, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar an dlí maidir le cosaint beatha le linn toirchis; cearta tuismitheora agus leanaí; toiliú ; faillí agus cosaint sonraí.
Tá cúlra ag an Uasal O'Shea i mbainistíocht tionscadail agus i dtionscadail na hearnála cúram sláinte, lena n-áirítear forbairt na straitéise taighde ag Ospidéal Adelaide agus na Mí, Baile Átha Cliath, a chuimsíonn an tOspidéal Náisiúnta Leanaí; taighde ar ról na n-ospidéal teagaisc sa gheilleagar eolasbhunaithe; taighde ar threoirlínte a fhorbairt do dhea-chleachtas taighde agus ar bhainistiú maoine intleachtúla a eascraíonn in ospidéil. Bhí sí ina hoifigeach forbartha straitéiseach ar an mBord Taighde Sláinte (HRB) agus ar an tionscadal arna mhaoiniú ag FSS, “Colective Leadership for Safety Cultures”.
Go deonach, d'fhóin an tUasal O'Shea ina ball den Choiste um Eitic Taighde i Scoil an Altranais, an Chnáimhseachais agus na gCóras Sláinte, UCD, agus de na Coistí Eitice Taighde um Shláinte Dhomhanda agus Bainistíocht Taighde Sláinte i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bhí sí ina cathaoirleach ar choiste cumarsáide Chumann Dlíodóirí Teaghlaigh na hÉireann, agus bhí sí ina Stiúrthóir agus ina Rúnaí Cuideachta ar an gcarthanas, Peata, a bhfuil sé mar chuspóir aige na buntáistí a bhaineann le hidirghníomhaíochtaí daonna le peataí a chur ar an eolas agus a chur chun cinn agus arb é an príomhghníomhaíocht í seirbhísí cuartaíochta madraí a sholáthr do dhaoine i dtithe altranais, ospísí, coláistí agus gnólachtaí.
Luaitear in Alt 7 den Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018:
>“Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis thosach feidhme an ailt seo, athbhreithniú ar oibriú an Achta seo."
Cuireadh an clásal athbhreithnithe san áireamh san Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018 d’fhonn monatóireacht ar thionchar, oibriú agus éifeachtúlacht na reachtaíochta i gcleachtas a éascú, chomh maith le seachadadh seirbhísí sa réimse.
Tá an gealltanas maidir le hathbhreithniú a dhéanamh tugtha ar aird i gClár an Rialtais Ár dTodhchaí Roinnte (2020).
Is é príomhchuspóir Acht 2018 an dlí a rialaíonn rochtain ar fhoirceannadh toirchis in Éirinn a leagan amach. Ceadaíonn sé foirceannadh toirchis a dhéanamh i gcás ina bhfuil baol do shaol nó dochair thromchúiseach do shláinte na mná torracha, lena n-áirítear i gcás éigeandála; ina bhfuil baol den sórt sin i láthair ar dóigh dó a bheith ann bás an fhéatas a bheith mar thoradh air roimh 28 lá breithe nó laistigh de, agus gan srian suas le 12 sheachtain an toirchis.
Déanfaidh an Cathaoirleach neamhspleách:
soláthar seirbhíse sa suíomh pobail
soláthar seirbhíse i suíomh na n-ospidéal géarmhíochaine;
Beidh trí phríomhshruth faisnéise mar bhonn eolais don Athbhreithniú:
1. Úsáideoirí seirbhíse
Le go mbeidh an t-athbhreithniú éifeachtach maidir le taithí na mban a iniúchadh, beidh sé ríthábhachtach tuairimí úsáideoirí seirbhíse a bhailiú, le fáil amach an soláthraíonn an reachtaíocht rochtain ar sheirbhísí foirceanta toirchis go praiticiúil dóibh siúd ar mian leo leas a bhaint astu. Maidir leis seo, tá sé riachtanach taighde neamhspleách a dhéanfaidh iniúchadh ar eispéiris na mban maidir le seirbhísí foirceanta toirchis agus a dtuairimí a bhailiú ar an gcaoi a d’oibrigh an córas ón 1 Eanáir 2019.
Tarraingeoidh an t-athbhreithniú ar thorthaí staidéar taighde cáilíochtúil ar mhórscála an Chláir Sláinte Gnéis agus Toirchis Ghéarchéime FSS ar eispéiris na mban maidir le ginmhilleadh agus seirbhísí tacaíochta toirchis neamhbheartaithe ó cuireadh an tAcht Sláinte (FoirceannadhToirchis a Rialáil) 2018 i bhfeidhm an 1 Eanáir 2019.
Is féidir taithí na mban ar rochtain a fháil ar an tseirbhís a ghabháil freisin tríd an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí (pointe 3 thíos).
2. Soláthar Seirbhíse
Soláthróidh faisnéis ó sholáthraithe seirbhíse an dara príomhshnáithe faisnéise don athbhreithniú. D’fhonn a mheas an bhfuil an tAcht ag feidhmiú go héifeachtach i gcleachtas, tá sé riachtanach tuairimí na ndaoine a bhfuil baint acu le seirbhísí foirceanta a sholáthar i suíomhanna pobail agus géarmhíochaine in Éirinn a bhailiú.
Chun na críche sin, tá taighde cáilíochtúil neamhspleách ar oibriú na reachtaíochta ó thaobh soláthar seirbhíse á choimisiúnú trí phróiseas soláthair an Rialtais eTenders. Baileoidh an taighde ionchur ó ospidéil, clinicí sláinte ban agus lialanna dochtúirí teaghlaigh, altraí, cnáimhseacha agus comhairleoirí toirchis, ag soláthar seirbhísí foirceanta toirchis, ó Choláistí Leighis, agus ó FSS, chomh maith le haon pháirtí leasmhara um sholáthar seirbhíse ábhartha eile a d’fhéadfaí a aithint.
3. Poiblí
Chun a chinntiú go dtugtar deis do gach duine ar mian leo déanamh amhlaidh a dtuairimí a roinnt ar an reachtaíocht agus ar a hoibriú, tugthar cuireadh do bhaill an phobail, grúpaí sainspéise nó aon pháirtí leasmhara eile a gcuid tuairimí a chur isteach le breithniú san Athbhreithniú.
Tabharfar faoi phróiseas comhairliúcháin phoiblí www.gov.ie/TOPreview chun deis a thabhairt do gach duine ar mian leo é sin a dhéanamh a dtuairimí a roinnt ar an reachtaíocht agus ar a hoibriú. Déanfar anailís ar na freagraí a gheofar agus cuirfear an Cathaoirleach na tuairimí agus na moltaí ann san áireamh agus an Tuarascáil Athbhreithnithe deiridh á táirgeadh.
Modheolaíocht
Féadfaidh an Cathaoirleach de réir mar is gá:
torthaí na dtrí shnáithe den athbhreithniú a chomhordú agus tuarascáil deiridh a sholáthar, ag soláthar conclúidí agus aon mholtaí riachtanacha
Cuirfear tuarascáil deiridh ar thorthaí an athbhreithnithe neamhspleách faoi bhráid an Aire Sláinte lena breithniú.
Tá na téarmaí tagartha atá leagtha amach thuas faoi réir a leasaithe tar éis plé leis an gCathaoirleach.