Léirítear i dTorthaí na Tástála Náisiúnta Iarmhar in 2022 go bhfuil Ardleibhéil Leanúnacha Comhlíonta á mBaint Amach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara amach inniu, torthaí na tástála a bhí bainte amach faoin bPlean Náisiúnta um Rialú Iarmhar (NRCP) i 2022 leis an ráta comhlíonadh iomlán ag fanacht ag leibhéal thar a bheith ard de 99.9%. Is éard atá i gceist leis an NRCP ná tástáil le haghaidh substaintí toirmiscthe, cógais tréidliachta ceadaithe, breiseáin bheatha ainmhithe ceadaithe agus ábhar salaithe comhshaoil.
Rinneadh tástáil ar 14,085 sampla i 2022, tógtha thar na hocht speiceas a tháirgeann bia (buaibheach, caorach, gabhair, muiceoil, eachaí, éanlaith chlóis, géim feirme, géim fhiáin agus dobharshaothrú) chomh maith le bainne, uibheacha agus mil. Tá formhór na samplaí tógtha i gcomhréir le critéir riosabhunaithe deartha chun díriú ar ainmhithe nó táirgí atá is dóichí le hiarmhair mídhleathacha (‘sampláil spriocdhírithe’). Léiríonn na torthaí go raibh 99.9% de na samplaí a tástáladh comhlíontach agus is leanann sé seo den treocht thar roinnt blianta d’easpa ginearálta iarmhair i dtáirgí bia na hÉireann. Tá an t-ardleibhéil comhlíonadh seasmhach seo ag dul siar go 2013 agus cuireann an Roinn fáilte roimh seo mar chomhartha den chur chuige freagrach atá glactha ag formhór mór na bhfeirmeoirí agus iad ag úsáid leigheasanna ainmhithe agus breiseán beatha. Cabhraíonn an plean rialaithe seo le tomhaltóirí agus ainmhithe a chosaint trí leibhéal ard comhlíonta le rialacháin an AE a chinntiú.
San iomlán, aithníodh 23 sampla a bhí neamhchomhlíontach agus bhain an chuid is mó de na samplaí seo le hiarmhair leigheasanna údaraithe. Fuarthas amach ó mheasúnaithe riosca a rinneadh an tÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann mar fhreagra ar na torthaí neamhchomhlíontach, nach raibh aon riosca sábháilteacht bia do-ghlactha le haghaidh tomhaltóirí, agus ní raibh aistarraingt táirgí ag teastáil ar chor ar bith. Rinne an Roinn imscrúduithe leantacha ar fheirmeacha maidir leis na neamhchomhlíonta sin inar measadh go raibh gá le gníomh breise.
Ní bhfuarthas aon fhianaise ó thorthaí na tástála fairsing faoin NRCP in 2022 agus imscrúduithe leantacha ar úsáid mhídhleathach hormóin chothaithe fáis nó substaintí toirmiscthe eile i mbia-ainmhithe in Éirinn.
Ag labhairt dó ar na torthaí, thug an tAire McConalogue faoi deara an leibhéal ard leanúnach comhlíonta le teorainneacha iarmhar i measc earnáil agraibhia na hÉireann:
“Léiríonn na torthaí seo, a thaispeánann go bhfuil 99.9% de na samplaí go léir ag comhlíonadh na dteorainneacha iarmhar faoinár bPlean Náisiúnta um Rialú Iarmhar, an t-ardchaighdeán comhsheasmhach bia a tháirgtear in Éirinn, ag cothú cáil tuillte na hÉireann as bia sábháilte ardchaighdeáin sa bhaile agus thar lear.”
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí
Tá an NRCP, ceadaithe ag an gCoimisiún Eorpach, mar chuid thábhachtach de bhainistíocht sábháilteacht bia na hÉireann agus curtha i bhfeidhm faoi chonradh seirbhíse leis an Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (FSAI). Díríonn an NRCP, atá ina ghné amháin de Phlean Rialaithe Náisiúnta foriomlán na Roinne, ar bhia de bhunadh ainmhíoch.
Tá an Tuarascáil Iarmhair 2022 ar fáil ag: https://www.gov.ie/en/publication/a9165-veterinary-medicine-residues/#national-residue-control-plan-reports