Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 2 Feabhra 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh 5,940* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Ina theannta sin, Dé Máirt an 1 Feabhra, chláraigh 6,620** duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.
6,228 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo. Áirítear leis seo 92 bás a fógraíodh le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite).
Amhail 8am inniu, tá 630 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 65 acusan san aonad dianchúraim.
CRÍOCH
Tá staitisticí ar vacsaínithe teanndáileoige ar fáil anois ar Mhol sonraí COVID-19 .
**Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí mhol sonraí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.