Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain 10 Eanáir 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 23,909* cás dearbhaithe de COVID-19.
Amhail 8rn inniu, tá 1,063 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 89 acusan in Aonad Dianchúraim.
Dúirt an Dochtúir Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:
“Inniu, leanaimid orainn ag tuairisciú leibhéal an-ard de mhinicíocht COVID-19 sa phobal. Tá sé riachtanach do gach duine iad féin agus daoine eile a chosaint ó ionfhabhtú. Tá gach gníomh beag chun leathadh an víris seo a theorannú ríthábhachtach, agus líon mór othar san ospidéal fós, méadú an triú cuid ón am seo an tseachtain seo caite.
“Cuimhnigh gur duine aonair, a bhfuil teaghlach agus cairde acu, agus foireann oibrithe cúram sláinte a sholáthraíonn cúram dóibh i gcúinsí fíordheacra atá taobh thiar de gach staitistic ospidéil agus figiúr Aonad Dianchúraim. Is é an bealach is fearr is féidir linn leanúint ar aghaidh ag tacú lenár seirbhís sláinte agus ag cosaint a chéile ná an chomhairle sláinte poiblí a leanúint chomh maith agus is féidir linn – fanacht sa bhaile agus féin-aonrú má thagann siomptóim orainn, sluaite agus spásanna droch-aeráilte a sheachaint, fuinneoga a oscailt, maisc aghaidhe a chaitheamh agus obair ón mbaile nuair is féidir.
“Is í an vacsaín COVID-19 an tsraith chosanta is tábhachtaí atá againn le linn na paindéime seo i gcónaí. Tá an clár vacsaínithe oscailte anois do gach leanbh idir 5 -11 bliana d’aois agus tá a fhios againn go bhfuil na buntáistí a bhaineann le vacsaíniú leanaí i bhfad níos mó ná na rioscaí.
“Beidh cineál an-éadrom den ghalar seo ag formhór na leanaí, i gcás líon beag díobh, d’fhéadfaidis éirí an-tinn. Tá sár-jab á déanamh ag na vacsaíní COVID-19 chun tinneas agus galar trom a sheachaint iontu siúd atá vacsaínithe go hiomlán.
“Is cinneadh idir tú féin agus do leanbh é do leanbh a vacsaíniú. Mholfainn do gach tuismitheoir agus caomhnóir an nuashonrú seo ar ár gclár vacsaínithe a phlé le do leanbh agus a chinntiú go bhfuil siad ar an eolas go bhfuil vacsaíniú ar fáil dóbh. Mholfainn duit freisin dul i gcomhairle leis an gcomhairle sláinte iontaofa atá ar fáil ar láithreán gréasáin FSS, agus le do chliniceoir teaghlaigh má tá aon imní ort faoi do leanbh a thabhairt don vacsaín seo."
Tá staitisticí ar vacsaíní teanndáileoige ar fáil anois ar an mol sonraí COVID-19.
#CosaintIlshraitheach chun tú féin a chosaint ó ionfhabhtú COVID-19. Tá réimse póstaeir agus comharthaí ar fáil duit le húsáid.