Foilsíonn an Rialtas Tuarascáil an Choimisiúin Phinsean
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an Rialtas inniu Tuarascáil an Choimisiúin Phinsean
Bunaíodh an Coimisiún neamhspleách, ar a ndéanann an tUasal Josephine Feehily cathaoirleacht, i Samhain 2020 de bhun gealltanais i gClár an Rialtais.
Iarradh ar an gCoimisiún Pinsean roghanna a fhorbairt don Rialtas le breithniú chun dul i ngleic le hinbhuanaitheacht an chórais Phinsin Stáit agus an Ciste Árachais Shóisialaigh (an CÁS).
Chuir an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, an Tuarascáil faoi bhráid an Rialtais inniu ina lorgaítear cead na chéad chéimeanna eile a fhoilsiú agus a chomhaontú a bhfuil ar an Rialtas tabhairt fúthu.
Agus an tuarascáil á foilsiú, dúirt an tAire Humphreys:
Baineann tábhacht leis an bPinsean Stáit i measc na sochaí trí chéile agus is é bunchloch an chórais phinsin in Éirinn. Tá sé thar a bheith éifeachtach i dtaobh cosc a chur ar phinsinéirí bheith thíos le bochtaineacht agus is mian linn a chinntiú gurb amhlaidh an cás amach anseo.
“Tá dúshláin shoiléire ann le hinbhuanaitheacht an phinsin Stáit a chinntiú don ghlúin amach anseo. Táthar eolach air seo le blianta anuas agus dearbhaíodh seo i dTuarascáil an Choimisiúin Phinsean.”
I dtaobh na chéad chéimeanna eile, chomhaontaigh an Rialtas leis go gcuirfear an Tuarascáil faoi bhráid Chomhchoiste an Oireachtais um Choimirce Shóisialach lena dhearcthaí i leith na moltaí a lorg.
Nuair a chuirtear san áireamh gur cheart na hathruithe ar an tsamhail chistithe pinsin a bhreithniú mar chuid d’athbhreithniú níos fairsinge ar an gcóras cánach agus árachais shóisialaigh, chomhaontaigh an Rialtas freisin go n-iarrfar ar an gCoimisiún um Chánachas agus Leas Sóisialach a dhearcadh a thabhairt i leith roinnt de na moltaí.
Agus breithniú á dhéanamh ar an Tuarascáil a chuir an Coimisiún le chéile, dúirt an tAire Humphreys:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach, an tUasal Josephine Feehily, agus le comhaltaí uile an Choimisiúin as tuarascáil a chur le chéile ina leagtar amach roghanna agus moltaí fianaisebhunaithe go ndéanfaidh an Rialtas breithniú orthu, ar aon dul lena Théarmaí Tagartha. Déanfaidh an Rialtais seo breithniú cúramach anois ar mholtaí agus torthaí na Tuarascála.”
Dúirt an tUasal Josephine Feehily, Cathaoirleach an Choimisiúin Phinsean:
“Tá Éireannaigh ag maireachtáil níos faide agus leanann siad de bheith sláintiúil agus folláine ar feadh níos faide, agus is dea-nuacht amach agus amach é seo. Cuireann sé deiseanna iontacha, agus dúshlán mór freisin, ar fáil dúinn go léir: conas a chinntiú go leanann an Pinsean Stáit le cosc a chur ar an mbochtaineacht nuair a bhíonn se á fháil ag i bhfad níos mó daoine ar feadh i bhfad níos faide.
“Ceapann an Coimisiún gur riosca straitéiseach a bheadh ann gan pleanáil agus a soláthar a dhéanamh don tsaincheist seo a bhfuiltear eolach air. Rinne an Coimisiún roinnt moltaí sa tuarascáil seo chun inbhuanaitheacht fhioscach chóras Pinsin an Stáit bunaithe ar luachanna na dlúthpháirtíochta sóisialta.”
“Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do na daoine agus na grúpaí go léir a chaith an t-am chun freagairt don phróiseas comhairliúcháin phoiblí. Ba mhaith liom buíochas a chur in iúl freisin do mo chomhghleacaithe sa Choimisiún as a dtiomantas agus a ndúthracht don tuarascáil seo a chur le chéile.”
Cuirfear tuarascáil an Choimisiúin faoi bhráid Choiste na Comh-Aireachta um Théarnamh Geilleagrach agus Infheistíocht anois go ndéanfar breithniú air sna chéad 6 mhí eile amach romhainn ag féachaint le freagairt mholta agus plean um chur i bhfeidhm a chur faoi bhráid an Rialtais faoi dheireadh Mhárta 2022.
Tá seo ar aon dul leis an ngealltanas i gClár an Rialtais go rachaidh sé i mbun gnímh maidir le moltaí an Choimisiúin laistigh de shé mhí tar éis an Tuarascáil a fháil.
Tá an Tuarascáil ar fáil anois ar líne, anuas ar na ceithre Pháipéar Oibre a chuir Fochoiste Teicniúil an Choimisiúin le chéile, agus ar an líon breis agus 200 aighneachta a fuair an Coimisiún ó dhaoine aonair agus eagraíochtaí mar fhreagairt dá phróiseas comhairliúcháin phoiblí.
CRÍOCH
Bunaíodh an Coimisiún Pinsean i Samhain 2020, a rinne gealltanas i gClár an Rialtais a chomhlíonadh chun “scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna inbhuanaitheachta agus cáilitheachta... agus cuntas a thabhairt ar roghanna don Rialtas dul i ngleic le saincheisteanna, cosúil le haois cháilitheach, rátaí ranníocaíochta, ranníocaíochtaí iomlána agus riachtanais cháilitheachta”.
Ba í an tUasal Josephine Feehily Cathaoirleach an Choimisiúin agus áiríodh le ballraíocht an Choimisiúin ionadaíocht a dhéanamh d’oibrithe, fostóirí, an tsochaí shibhialta, acadóirí agus iad siúd a bhfuil saineolas teicniúil agus beartais acu.
Chuir an Coimisiún próiseas comhairliúcháin phoiblí ar siúl freisin, Fóram Páirtithe Leasmhara fíorúil san áireamh. Foilsíodh na haighneachtaí a fuarthas mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí ar láithreán gréasáin an Choimisiúin – www.pensionscommission.gov.ie
Nasc le Tuarascáil an Choimisiúin Phinsean agus cáipéisí gaolmhara – www.gov.ie/PensionsCommissionReport