Ceantar Fíorúil na nÓg á chruthú ag Gaeil óga mar chuid den ócáid teicneolaíochta Gaeilge is mó in Éirinn in Ionad Óige na hÉireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Stáit Jack Chambers, T.D. cuairt inniu (28 Aibreán 2022) ar an ócáid TechFéile in Ionad Óige na hÉireann i gContae na Mí. Is ócáid bhliantúil siamsaíochta agus oideachais í TechFéile do dhaoine óga idir 12–18 mbliana d'aois atá ag freastal ar scoileanna agus clubanna lán Ghaeilge, agus atá rannpháirteach i gclár bliantúil TechSpace le Kinia.
Ag labhairt faoin ócáid, dúirt an tAire Stáit Chambers T.D.:
“Tá an-áthas orm a bheith in ann tacú le clár méadaithe agus níos fearr fós i mbliana. Déanann an clár an Ghaeilge a neadú isteach i saol na teicneolaíochta agus tugann sé deis do dhaoine óga a bheith páirteach in ábhair STEAM ar bhealach cruthaitheach agus dearfach. Tá cuma spreagúil ar chlár méadaithe na n-imeachtaí do 2022 agus tá deiseanna iontacha ann do scoláirí agus d’oideachasóirí araon a nuálaíocht agus a gcruthaitheacht a léiriú sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic, trí mheán na Gaeilge.”
Bhí Clár Imeachtaí den scoth ag TechFéile na bliana seo, ina measc Comórtas Róbat TechFéile, agus Mo Cheantar Fíorúil, agus bhí sé ar siúl i mbliana ón 7 Feabhra go dtí an ócáid cinn scribe inniu (Déardaoin, 28 Aibreán 2022).
Bhí an cúigiú bliain de TechFéile á chraoladh beo ó Ionad Óige na hÉireann i mbliana. Tugadh cuireadh do gach scoil rannpháirteach i mí Eanáir tionscadail sa teicneolaíocht chruthaitheach a fhorbairt mar chuid d’ócáid TechFéile. I mbliana, cuireadh trealamh róbait ar fáil do scoileanna agus eagraíochtaí óige agus tugadh dúshlán róbat a chur le chéile agus a ullmhú do chomórtas réigiúnach agus náisiúnta. Bhí na róbait san iomaíocht i dtrí chéim ar leith: rás in aghaidh an chloig ar raon rásaíochta, imeacht rúndiamhair ina gcaithfí rudaí a bhogadh in airéine agus comhrac laistigh d’airéine freisin.
Chomh maith leis sin, chruthaigh na daoine óga ‘Ceantar Fíorúil na nÓg.’ Leis seo, bhí deis ag daoine óga a gceantar áitiúla a thaispeáint don phobal agus scéal a gceantair a insint. Bhain na daoine óga úsáid as teicneolaíocht nua chun taifead a dhéanamh ar scéalta phobal na Gaeltachta trí shúile na n-óg, ag baint úsáide as Ceamara 360 chuige sin. Beidh deis ag daoine ar fud an domhain seasamh isteach i gceantar agus éisteacht leis na daoine óga ag labhairt faoina gceantar dúchais.
Bhí searmanas bronnta gradam ar an 28 Aibreán chun na tionscadail teicneolaíochta go léir a chur ar thaispeáint agus aitheantas a thabhairt do na daoine óga a ghlac páirt san ócáid. Chuir na daoine óga an searmanas i láthair – chomh maith leis sin, bhí go leor tallann iontach le feiceáil, idir bhannaí ceoil óige agus cheoltóirí aonair. Craoladh an searmanas seo beo ar líne.
Físeáin cheoil ó dhaoine óga ó fhéile 2021:
Áine Ní Ghríofa – An Fear is Fearr:
Seán Heslin – Casadh an tSúgáin:
Pobalscoil Thraolaigh Mhic Shuibhne – Dóchas:
Eolas faoi Chlár TechSpace Kinia:
Is clár oideachais de chuid Kinia é TechSpace. Cuireann TechSpace oiliúint, forbairt, tacaíocht agus deiseanna ar fáil d’eagraíochtaí óige agus do scoileanna chun tionscadail STEAM agus cruthaitheachta digití a chur ar fáil trí Ghaeilge agus Béarla. [external-link www.kinia.ie | www.kinia.ie ]
Is fiontar sóisialta neamhbhrabúis é Kinia a bhfuil sé d'fhís aige tír a bheith againn ina bhfuil na scileanna ag gach duine óg chun a lánchumas a bhaint amach agus todhchaí a chruthú go muiníneach.