Fáiltíonn an tAire Patrick O'Donovan roimh cheapadh comhairleoirí chun Scéim Fhaoisimh Tuile le haghaidh Bheanntraí a dhearadh.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (3 Feabhra 2022), i mBeanntraí dó, chuir an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan, T.D., fáilte roimh cheapadh JB Barry & Partners Ltd. i gcomhpháirtíocht le JBA Consulting Ltd. mar chomhairleoirí innealtóireachta agus comhshaoil chun Scéim Fhaoisimh Tuile Bheanntraí a dhearadh.
Ag labhairt le linn síniú na gconarthaí, d’admhaigh an tAire O’Donovan go raibh tionchar géar leanúnach ar Bheanntraí de dheasca tuilte móra san am atá caite.
“Thug mé cuairt ar Bheanntraí cheana, agus um Nollaig seo caite i ndiaidh na Stoirme Barra, agus chuala mé ó mhuintir an bhaile faoin scrios a imríonn tuilte orthu féin, ar ghnóthais agus ar phobal Bheanntraí.
Inniu, tá áthas orm deimhniú a thabhairt go bhfuil an maoiniú is gá dá gheallúint do Chomhairle Contae Chorcaí chun scéim inmharthana fhaoisimh tuile a dhearadh agus a chur chun cinn; tabharfaidh sé cosaint ar 200 maoin ó thuile suntasach. Le ceapadh na gcomhairleoirí inniu ag Comhairle Contae Chorcaí, i gcomhar le Oifig na nOibreacha Poiblí, tá 89 scéim fhaoisimh tuile á bhfeidhmiú ag an Rialtas seo ar fud na tíre, laistigh de cheithre bliana. Ar aon dul le scéimeanna uile OPW, tabharfar an scéim seo chun cinn i gcomhairle leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara, agus féadfar an scéim a oiriúnú amach anseo maidir le tionchar ar bith ó athrú aeráide ar phriacal tuile an bhaile.”
Is cuid den infheistíocht Rialtais €1.3bn i mbearta faoisimh tuile faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, mar chuid de Project Ireland 2040, í Scéim Fhaoisimh Tuile Bheanntraí.
Chuir Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Gillian Coughlan, fáilte croíúil roimh shíniú na gconarthaí, a bhogann Scéim Fhaoisimh Tuile Bheanntraí ar aghaidh chuig an chéad chéim tionscadail:
“Céim thábhachtach atá anseo chun Scéim Fhaoisimh Tuile Bheanntraí a chur chun cinn. Céim thábhachtach atá anseo freisin do lucht cónaithe agus lucht gnó i mBeanntraí agus ba mhaith liom an pobal a spreagadh chun a bheith páirteach i gcéimeanna comhairliúcháin an phróisis seo. Fáiltíonn Comhairle Contae Chorcaí le saothar OPW maidir leis an scéim seo a chur chun cinn; cuirfear muintir Bheanntraí ar a suaimhneas ar an dul céanna le torthaí na scéimeanna le déanaí i Sciobairín, Droichead na Bandan agus Cloich na Coillte.”
Tosaíonn an obair inniu ar an gcéad chéim den scéim seo, chun dearadh inmharthana a chruthú, le ceapadh comhfhiontair idir JB Barry & Partners Ltd agus JBA Consulting Engineers Ltd, mar thoradh ar phróiseas iomaíoch tairisceana. Tiocfaidh Grúpa Stiúrtha an tionscadail le chéile i ndiaidh an cheapacháin inniu chun obair na céime seo a chur chun cinn.
Dhearbhaigh an tAire O’Donovan go mbeidh comhairliúchán forleathan poiblí de réir mar a théann an scéim ar aghaidh. Bunófar suíomh gréasáin tionscadail a bheidh ar fáil trí shuíomh gréasáin OPW: floodinfo.ie . Déanfar an suíomh a uasdhátú go rialta agus eiseofar nuachtlitreacha rialta freisin. Tionólfar Laetheanta Rannpháirtíochta Poiblí ar feadh an tionscadail; táthar ag súil go mbeidh an chéád cheann díobh seo ag deireadh mhí Bealtaine.
D’admhaigh an tAire O’Donovan nach ndéanfaidh fógra an lae inniu maolú ar phriacal tuile le linn an ama a ghlacfaidh sé an scéim fhaoisimh tuile a dhearadh agus a thógáil. Ach um thuilte amach anseo a mhaolú, cheadaigh an tAire €101,578 i mí Dheireadh Fómhair 2021, agus €82,339 in Eanáir 2022 (€183,917 in iomlán) do Chomhairle Contae Chorcaí. Ceadaíodh an maoiniú seo faoi Scéim OPW um Mionoibreacha Tuile agus Cosanta Cósta le haghaidh oibreacha eatramhacha, suiteáil comhlaí neamhfhillteacha agus caidéil soghluaiste san áireamh.
Luaigh an tAire O’Donovan freisin oibreacha ag Comhairle Contae Chorcaí ar phríomhchainéal Abhann an Mhuilinn, a ritheann trí lár an bhaile, a mhaolóidh priacal tuile sa bhaile. Féadfar na hoibreacha seo, atá le coimisiúnú ag Comhairle Contae Chorcaí i mbliana, a chuimsiú agus an scéim fhaoisimh don bhaile á dearadh.
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
• Is í Comhairle Contae Chorcaí, ag obair le OPW, an tÚdarás Tosaigh maidir le scéimeanna faoisimh tuile i mBeanntraí.
• Tiocfaidh grúpa stiúrtha tionscadail, a chuimsíonn Comhairle Contae Chorcaí, OPW agus na comhairleoirí atá ceaptha, le chéile go luath chun dearadh na scéime a chur chun cinn.
• Is í seo Céim 1 de phróiseas 5-céim chun scéim fhaoisimh tuile a dhearadh agus a thógáil. Glacfaidh sé 19 mí chun Céim 1 a chríochnú. Sa chéim seo léireofar scéim inmharthana agus déanfar measúnaithe iomlána comhshaoil. Ansin tabharfar an tionscadal chun cinn go dtí an Chéim Pleanála. Ní rachaidh na céimeanna ar aghaidh ach amháin sa chás go léirítear scéim atá inmharthana agus indéanta.
• Faoi Scéim OPW um Mionoibreacha Tuile agus Cosanta Cósta, tá €183,917 faofa um maolú tuile i mBeanntraí, suiteáil comhlaí neamhfhillteacha agus caidéil soghluaiste san áireamh.