Fógraíonn an tAire McConalogue tacaíocht don uirlis inbhuanaitheachta chomhshaoil ‘AgNav’
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá €2 mhilliún fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar AgNav, tairseach Náisiúnta ar líne atá dírithe ar fheirmeoirí chun spreagadh agus tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí gníomhaíocht ar son na haeráide chomh maith le feabhsuithe inbhuanaitheachta agus bearta éifeachtúlachta a chur i bhfeidhm ar a bhfeirmeacha.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Forbraíodh an t-ardán digiteach inbhuanaitheachta “AgNav” i gcomhpháirt le Teagasc, Bord Bia agus Cónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann (CPEÉ) le tacaíocht ó mo Roinn, rud a chinntigh agus a léirigh cur chuige comhoibríoch uile-Rialtais agus tionscail. Déanann an comhoibriú sin na sonraí, an taighde agus na hacmhainní idirghníomhaireachta is láidre a threisiú chun gníomhaíocht ar son na haeráide agus bearta éifeachtúlachta ar an bhfeirm a chur chun cinn. Tá tábhacht náisiúnta straitéiseach ag baint le forbairt AgNav toisc go gcuireann sé córas ar fáil chun cainníochtú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna an Phlean Gníomhaíochta Aeráide don earnáil talmhaíochta chomh maith le tacú le hinbhuanaitheacht chomhshaoil agus eacnamaíoch.”
Dúirt an tAire freisin
“Cuireann AgNav an feirmeoir i gceannas ar ghníomhaíochtaí ar a f(h)eirm a chuirfidh le Gníomhaíocht ar son na hAeráide. Cuireann AgNav measúnú inbhuanaitheachta uile-fheirme ar fáil agus cuimsíonn sé feidhm tacaíochta cinntí (uirlis réamhaisnéise) a cheadaíonn pleananna faoi stiúir na heolaíochta a dhéanamh le haghaidh feirmeacha aonair chun astuithe a laghdú agus ceapadh astaíochta a mhéadú.”
Ligeann AgNav do chomhairleoirí caidreamh a dhéanamh le feirmeoirí maidir le straitéisí maolaithe agus éascóidh sé forbairt plean maolaithe saincheatha um ghníomhaíocht ar son na haeráide do gach feirm aonair bunaithe ar chleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe. Cuirfidh sé ardán digiteach ar fáil freisin d’fheirmeoirí a bhfuil a gcáilíocht dearbhaithe ag Bord Bia chun a gcuid riachtanas iniúchta don chlár Origin Green a chomhlíonadh.
Dúirt an tOllamh Frank O'Mara:
“Thar ceann Teagasc agus ár gcomhpháirtithe Bord Bia agus CPEÉ, cuirimid fáilte roimh an infheistíocht mhaoinithe in AgNav ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Cuirfidh an maoiniú nua seo dlús mór le forbairt AgNav a bhaineann úsáid as eolas comhchoiteann na dtrí ghníomhaireacht chun sonraí cruinne agus infhíoraithe a sholáthar d’fheirmeoirí chun tacú le cinnteoireacht maidir le feidhmíocht chomhshaoil. Is clár uaillmhianach teicniúil agus forbartha é AgNav agus déanfaidh an chomhpháirtíocht é a chur ar fáil, ag bogadh AgNav ón gcéim phíolótach reatha go dtí glacadh níos leithne. Cuirfidh sé seo ar chumas gach feirmeoir ar fud na hÉireann caighdeáin nua a leagan síos maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil a bhfeirmeacha aonair trí theicneolaíochtaí maolaithe a ghlacadh agus táirgiúlacht a fheabhsú agus inmharthanacht eacnamaíoch a chinntiú ag an am céanna.”
CRÍOCH
Is ardán digiteach idirghníomhach náisiúnta ar líne é AgNav arna fhorbairt ag Teagasc, Bord Bia agus Cónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann chun tacú le feirmeoirí laghduithe astuithe a sholáthar ag leibhéal na feirme, rud a chuideoidh lenár spriocanna Náisiúnta um Athrú Aeráide a bhaint amach.
Déanann AgNav na sonraí, an taighde agus na hacmhainní idirghníomhaireachta is láidre a threisiú chun gníomhaíocht ar son na haeráide agus bearta éifeachtúlachta ar an bhfeirm a chur chun cinn. Is ardán comhdhlúite ar líne é AgNav ina bhfuil sonraí, uirlisí tacaíochta cinnteoireachta agus treoir d’fheirmeoirí.
Cuireann AgNav an feirmeoir i gceannas trí fhaisnéis shoiléir a sholáthar ar phróifílí astaíochtaí feirme chomh maith le ligean d’fheirmeoirí (agus dá gcomhairleoirí) gníomhaíochtaí a iniúchadh agus tús áite a thabhairt dóibh chun astuithe a laghdú agus aistriú ar a bhfeirm a fheabhsú.
D’aithin céim phíolótach forbartha AgNav raon forbairtí nua chun inúsáidteacht agus feidhmiúlacht a fheabhsú. Tacóidh an maoiniú atá á chur ar fáil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le tuilleadh feabhais a chur ar an ardán.
Cuireann AgNav córas ar fáil chun cainníochtú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna an Phlean Gníomhaíochta Aeráide don earnáil talmhaíochta.