Fógraíodh maoiniú d’oibreacha um chosaint ar thuilte i gCo. na Gaillimhe nuair a thug an tAire O’ Donovan cuairt ar Chathair na Gaillimhe agus ar An Aonach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, an tUasal Patrick O’Donovan, T.D., go bhfuil dhá iarratas ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoi Scéim na nOibreacha Maolaithe Tuilte agus um Chosaint Cósta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ceadaithe. Faoin scéim, cheadaigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) maoiniú de €54,000 san iomlán: ceadaíodh maoiniú de €6,000 chun na draenacha atá ann cheana a ghlanadh agus uasghrádú a dhéanamh ar an ngréasán píopaí in Eachroim Béal Átha na Sluaighe. Ina theannta sin, cheadaigh an OOP maoiniú de €18,000 chun lintéar nua a bheidh níos mó a chur in ionad an chinn atá ann cheana agus na draenacha oscailte ag Lios Ard, Cill Chonaill, Béal Átha na Sluaighe a ghlanadh.
Rinne an tAire O’ Donovan an fógra inniu le linn a chuairte ar Chathair na Gaillimhe:
“Táim an-sásta go mbeidh Comhairle Chontae na Gaillimhe ábalta dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an dá thionscadal maolaithe tuilte áitiúla atá beartaithe, ag tabhairt suaimhneas intinne d’úinéirí na sealúchas atá buailte ag tuilte. De thoradh ar an maoiniú de bhreis agus €10.8 milliún a ceadaíodh ó 2010, tá 45 staidéar nó mionoibreacha maolaithe tuilte ceadaithe ag OOP chun dul i ngleic leis na fadhbanna tuilte agus cosaint cósta logánta i limistéar riaracháin Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Is tacaíocht shuntasach é seo don údarás áitiúil chun mionoibreacha um chosaint tuilte atá tábhachtach a chur ar fáil dá bpobail.”
I nGaillimh, bhuail an tAire O’Donovan le hoifigigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus le hinnealtóirí OOP ag an bPóirse Caoch agus i mBóthar na Trá chun an scéal is déanaí a fháil maidir le Scéim Faoisimh Tuilte Chathair na Gaillimhe, Coirib go Cósta. Tá sé mar aidhm ag Scéim Faoisimh Tuilte Chathair na Gaillimhe ar a dtugtar Coirib go Cósta scéim inmharthana, éifeachtúil ó thaobh costais de agus inbhuanaithe ó thaobh na timpeallachta de a sholáthar do Chathair na Gaillimhe a chuirfidh leis an mbithéagsúlacht, an tírdhreach uirbeach agus taitneamhacht an fhearainn phoiblí i dtimpeallacht na cathrach. Tá Céim 1 den tionscadal ar bun faoi láthair ina bhfuil forbairt roghanna agus forbairt tosaigh na scéime ar siúl agus táthar i mbun rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara agus an pobal.
Tá réamh-mheastachán iomlán buiséid tionscadail de €9.5m i gceist agus is é cuspóir an tionscadail ná os cionn 940 sealúchas a chosaint ó thuilte taoide agus abhann i gceantair An Bhalla Fada, An Phóirse Caoch, Chanáil Eglinton, Ché na gCeannaithe, Ardán na bhFiach, Bhóthar na Trá agus an Chladaigh i gCathair na Gaillimhe. Is í Comhairle Cathrach na Gaillimhe an eagraíocht Urraithe Tionscadail agus an tÚdarás Conraitheoireachta agus is í atá i gceannas ar fhorbairt Scéim Faoisimh Tuilte Chathair na Gaillimhe, Coirib go Cósta, agus faightear comhairle theicniúil agus maoiniú ón OOP.
As Gaillimh, chuaigh an tAire O’Donovan go dtí an tAonach, áit ar bhuail sé le Comhairle Chontae Thiobraid Árann agus le hinnealtóirí OOP le haghaidh cruinniú faisnéise ar an láthair agus pléadh riosca tuile ar Abhainn na Gaothaí. Ag deireadh a chuairte, d’oscail sé go hoifigiúil Oifig Turasóireachta nua an Aonaigh i sean-Halla an Bhaile. Osclófar an oifig don phobal Dé Céadaoin, 1 Nollaig. Dearadh an Oifig Turasóireachta le ceiliúradh a dhéanamh ar an Aonach - tá saothair ann le healaíontóirí áitiúla agus tugtar aitheantas do shaothar go leor daoine as an Aonach i réimsí éagsúla mar spóirt, eolaíocht, ceol, damhsa agus litríocht.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá caidreamh láidir oibre ag OOP le Comhairle Chontae Thiobraid Árann agus bhí siad ag obair as lámh a chéile anseo san Aonach chun go mbeadh cuairteoirí ábalta cuairt a thabhairt ar cheann de na háiteanna is mó a bhfuil tóir orthu sa bhaile, Caisleán an Aonaigh, tar éis don OOP obair chaomhnaithe a dhéanamh air i 2012. Táimid ag tnúth le bheith ag obair i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle, leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Fáilte Éireann chun tacú le forbairt Cheathrú Stairiúil agus Chultúrtha an Aonaigh mar mhórcheantar turasóireachta agus mar thairseach chuig Croíthailte Ceilte na hÉireann.”
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works