Fógraíonn an tAire Hackett 12 thionscadal áitiúla agus náisiúnta chun tacú le horgánaigh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go bhfuil dhá thogra déag chun táirgeadh orgánach a chur chun cinn roghnaithe agus bronnadh maoiniú de €1.1 milliún orthu.
Dúirt an tAire Hackett:
“Níos luaithe i mbliana d’fhógair mé glao ar thionscadail chun táirgeadh orgánach a chur chun cinn in Éirinn, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach um Orgánach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hiarratasóirí ar fad as cáilíocht na moltaí leathana agus éagsúla a fuair mo Roinn. Clúdaíonn na tionscadail a roghnaíodh réimse an-leathan, lena mbaineann móta beo agus tacaíocht chomhairleach d’fheirmeoirí orgánacha nó an poitéinseal d’im orgánach, agus achan rud eatarthu. Tabharfaidh sé seo tacaíocht bhreise le sprioc Chlár an Rialtais de 10% den talamh go léir a shaothraítear go horgánach faoi 2030. Spreag an glao, an chéad cheann dá leithéid don earnáil orgánach, tograí nuálacha, agus beidh na hiarratasóirí rathúla ag gabháil do réimse gníomhaíochtaí anois chun aird a tharraingt ar na buntáistí a bhaineann le táirgeadh orgánach in Éirinn.”
Dúirt an tAire Hackett chomh maith:
“Guím gach rath ar na rannpháirtithe uile, agus táim ag tnúth le cur i bhfeidhm rathúil a dtionscadal ar bhealach a spreagfaidh tuilleadh rannpháirtíochta in earnáil na n-orgánach in Éirinn agus forbairt na hearnála sin. Is gné thábhachtach eile í seo sa struchtúr tacaíochta don earnáil atá á chur i bhfeidhm. Táim ag tnúth le torthaí agus tionchair na dtionscadal seo a fheiceáil i rith na bliana seo chugainn.”
CRÍOCH
Nótaí don eagarthóir
Tá sprioc leagtha síos ag Clár Rialtais na hÉireann chun an limistéar talún orgánach a mhéadú faoi thrí go thart ar 336,000 heicteár roimh an mbliain 2027. Cuimsíodh an sprioc seo i bPlean Straitéiseach CBT na hÉireann, i bhFís an Bhia 2030 agus tá sprioc de 10% faoin mbliain 2030 ag ár bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide.
Is é an aidhm atá leis an sprioc seo a bhaint amach trí thacú le feirmeoirí tiontú go feirmeoireacht orgánach tríd an Scéim Feirmeoireachta Orgánach, tacaíocht chomhairleach fheabhsaithe agus cur chun cinn méadaithe chomh maith le héileamh an mhargaidh a fhorbairt.
Tá an Scéim Feirmeoireachta Orgánach oscailte d’iarratasóirí nua go dtí an 8 Nollaig. Is beart comhshaoil talmhaíochta í an Scéim Feirmeoireacht Orgánach faoi Phlean Straitéiseach CBT na Roinne atá cómhaoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an AE. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.gov.ie/cap
Tá tús curtha ag Bord Bia leis an bhfeachtas náisiúnta is mó riamh d’orgánaigh na hÉireann a bheidh ar siúl go dtí an 17 Nollaig, agus an dara mórsheoladh in earrach 2024. Bhí sé indéanta an feachtas seo de chuid Bhord Bia a sheachadadh nuair a fuair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faomhadh do leithdháileadh €1.5 milliún i maoiniú BAR do Bhord Bia chun orgánach a chur chun cinn.
I mí Iúil, d’fhógair an tAire Hackett glao poiblí óna Roinn ar thograí nuálacha chun tairbhí ilfheidhmeacha na feirmeoireachta orgánaí in Éirinn a chur chun cinn. Tá liosta na nIarratasóirí ar éirigh leo leagtha amach thíos:
Comhlacht | Cur i bhFeidhm |
Cumann na gComhairleoirí Talmhaíochta (CCT) Thiobraid Árann | Tacóidh agus leathnóidh an tionscadal seo cumas comhairleoirí talmhaíochta príobháideacha comhairle ábhartha a chur ar fáil d’fheirmeoirí orgánacha. |
Oiliúint Orgánach Náisiúnta Skillnet | Bunú Clár Saotharlainne um Maireachtáil Orgánach agus Bitheolaíoch chun feirmeoirí agus taighdeoirí a thabhairt le chéile chun taighde a éascú agus chun comhroinnt eolais a chomhordú. Is í príomhghné an chláir ná saotharlanna maireachtála a bhunú ar fheirmeacha orgánacha a shainaithnítear laistigh de líonra OONS. |
Oiliúint Orgánach Náisiúnta Skillnet | Leabharlann shubstainteach d’fhíseáin teagaisc a chruthú a chlúdóidh achan gné den athrú go feirmeoireacht orgánach. Ag teacht leis an gcúrsa ar Phrionsabail Feirmeoireachta Orgánach, soláthróidh na físeáin seo léargais ar na hearnálacha aonair den talmhaíocht orgánach chomh maith le hábhair leathana maidir le cuidiú le feirmeoirí aistriú go cleachtais orgánacha. |
Oiliúint Orgánach Náisiúnta Skillnet | Soláthraíonn an tionscadal seo do threalamh trialach a cheannach le húsáid i gcláir oiliúna orgánacha phraiticiúla do tháirgeadh déiríochta ar scála beag. Níl trealamh oiliúna riachtanach ar fáil in Éirinn faoi láthair le haghaidh príomhréimsí ar nós déanamh cáise, táirgeadh iógart, táirgeadh ime, agus táirgeadh uachtar reoite. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo an scéal seo a cheartú trí aonad oiliúna próiseála déiríochta ar scála beag a chruthú. |
Cumann Orgánach na hÉireann | Cuirfidh an feachtas gach earnáil ábhartha os comhair an phobail, lena n-áirítear mairteoil, caoirigh, déiríocht, gránaigh agus bíoga, gairneoireacht, éanlaith chlóis/uibheacha agus dobharshaothrú. Beidh an feachtas á thiomáint ag scannáin ó thaithí agus tumthach agus ábhar amhairc ardcháilíochta eile atá bunaithe ar fhianaise. Féachfaidh sé leis an méid is féidir le hoibreoirí orgánacha na hÉireann a sheachadadh, ó tháirgí ardchaighdeáin, cosaint an chomhshaoil a mhéadú go leas ainmhithe a fheabhsú, agus ag an am céanna ag cloí le caighdeáin mhargaíochta an AE agus le reachtaíocht ábhartha an AE. Cruthófar feachtas meán sóisialta agus straitéis rannpháirtíochta agus cuirfear i bhfeidhm é le haghaidh ardáin Meta (m.sh., Facebook, Instagram), TikTok agus Youtube, agus déanfar léargais agus tuairisciú anailíseach chun feasacht ar an bhfeachtas ‘Is Orgánach Éireannach é seo […]’ a thomhas i measc tomhaltóirí Éireannacha. |
Táirgeoirí Bainne Orgánach na hÉireann Teo Port Láirge | Déanfaidh treoirthionscadal imscrúdú ar úsáid Bainne Orgánach chun Im Orgánach agus Púdar Bainne Bearrtha Orgánach a dhéanamh. Beidh go leor táirgeoirí Bainne Orgánach nua sa 2/3 bliana amach romhainn ag dul isteach sa tionscal agus tá réiteach ag teastáil chun a gcuid bainne a úsáid mar tháirgí indíolta do na margaí baile agus onnmhairithe. |
Saothróirí Orgánacha na hÉireann | Is é misean an SOE ná ionadaíocht a dhéanamh, tacaíocht, fás agus oideachas a chur ar na saothróirí a chuireann le hearnáil ghairneoireachta orgánach na hÉireann. Baintear é seo amach trí intéirneacht saothróirí Orgánacha agus comhdháil saothróirí na Todhchaí a sheachadadh achan bliain in éineacht le forbairt líonra na mball a chuireann siúlóidí feirme, seisiúin fócais agus deiseanna líonraithe ar fáil do shaothróirí orgánacha ar fud na hÉireann. Leanfaidh an tionscadal seo ar aghaidh agus leathnóidh sé obair an SOE. |
An Dr. Jack Fahey | Tá sé mar aidhm ag an staidéar seo imscrúdú a dhéanamh ar na tairbhí féideartha a bhaineann le móta beo a úsáid i gcleachtais churaíochta orgánacha. Trí chomparáid a dhéanamh idir fás, cosc fiailí, sláinte ithreach, agus toradh barr na gcóras móta beo le modhanna traidisiúnta, déanaimid iarracht inmharthanacht agus inbhuanaitheacht a chinneadh maidir le móta beo a chomhtháthú i gcórais feirmeoireachta orgánaí in Éirinn. |
Comharchumann Soláthróirí Bainne Orgánach na hÉireann Teo | Forbróidh an tionscadal seo plean gnó a scrúdóidh na féidearthachtaí a bhaineann le comharchumann déiríochta orgánach nua-bhunaithe in Éirinn atá faoi úinéireacht feirmeoirí. Áireofar leis an obair seo scrúdú ar dheiseanna próiseála agus measúnú féidearthachta orthu sin, breathnú ar roghanna comhpháirtíochta straitéiseacha don chomharchumann agus measúnú fosta ar conas a d’fhéadfadh an comharchumann a ghiaráil a úsáid chun ioncam feirmeoirí a fheabhsú agus aistriú go déiríochta orgánach a dhéanamh ionchas níos tarraingtí. |
Grósaeireacht Pobail Luimnigh CLG nó An Comharchumann Uirbeach | Taighde margaidh ar roghanna soláthair scoilbhunaithe le cruthú ábhar bolscaireachta amhairc ininste agus raon béilí orgánacha réidh le hithe chun an margadh a thástáil. |
Fóram Agrafhoraoiseacht na hÉireann | Is tionscnamh cuimsitheach é an tionscadal "Athléimneacht Talmhaíochta a Chothú trí Fheirmeoireacht Orgánach le Crainn" a chuireann cleachtais feirmeoireachta orgánaí agus athléimneacht sa talmhaíocht chun cinn. Tá sé mar aidhm aige feasacht a ardú faoi chleachtais inbhuanaithe, bia sláintiúil, agus an comhshaol lena n-áirítear trialacha faoi stiúir feirmeoirí, turais siúlóide feirme, agus cruinnithe le feirmeoirí a thaispeánann na buntáistí a bhaineann le crainn don fheirmeoireacht orgánach. Clár oideachais 'Feirmeoireacht Orgánach le Crainn' d'fheirmeoirí agus scoileanna le hábhair teagaisc agus físeáin. Cuireann an tionscadal clár píolótach do scoileanna ar fáil fosta, "Feirme úr go Glasraí Orgánacha Scoile", ag cur béime ar tháirgí orgánacha. |
Iontaobhas Orgánach | Aonach Náisiúnta Bia Orgánach a eagrú, a chur chun cinn agus a reáchtáil. Áireoidh an t-aonach Bia Orgánach: • Comhoibriú le trádálaithe bia orgánach, táirgeoirí agus miondíoltóirí chun an raon táirgí Orgánach atá ar fáil sa tír seo a thaispeáint i measc atmaisféar féile agus a bheith ina lá iontach don teaghlach. • Tabharfaidh táirgeoirí roghnaithe agus ceannairí tionscail seimineáir phraiticiúla, le blaiseadh; plé ar an gcaoi a ndeachaigh a gcuid táirgí chuig an margadh; Ag plé cén fáth a bhfuil bia orgánach tábhachtach do thomhaltóirí na hÉireann; Conas ithe go horgánach agus laistigh den bhuiséad, agus conas do chuid orgánach féin a fhás. • Taispeántais ó chócaire cáiliúla. Beidh 4 go 5 príomhchócaire Éireannach ag cur taispeántais chócaireachta ar fáil i rith an lae chomh maith le “Cócaire Orgánach” sa phríomhphuball, áit a gcuirfear na 4 phríomhchócaire in iomaíocht in aghaidh a chéile chun an mhias orgánach is fearr a chruthú ag baint úsáide as comhábhair orgánacha a tháirgtear go háitiúil amháin. |