Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh vacsaín COVID-19 AstraZeneca Oxford do gach duine níos sine ná 18 mbliana d’aois a cheadaigh an Eoraip
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., roimh fhógra an lae inniu a rinne an Coimisiún Eorpach gur údaraíodh vacsaín AstraZeneca lena húsáid i measc na mBallstát, Éire ina measc. Cuirfear tús leis na vacsaíní seo a thabhairt isteach i ndiaidh go dtagann na chéad soláthairtí anseo go luath i bhFeabhra. Faoi mar a luadh sa chlár vacsaínithe, tá vacsaíní le húsáid faoi mar a thagann siad, a fhad agus go gcinntíonn an soláthraí go soláthrófar an dara dáileog.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá teacht ag Éirinn anois ar thrí vacsaín a d’fhaomh an Coimisiún Eorpach a cheadóidh dúinn dlús a chur lenár gclár vacsaíní a thabhairt isteach sna seachtainí amach romhainn. Tá súil leis go mbainfidh an chéad seachadadh de vacsaín AstraZeneca Éire amach go luath i bhFeabhra agus is féidir leis bheith mar chuid den chlár vacsaíne go gairid ina dhiaidh sin.”
“In ainneoin gur tháinig laghdú ar an méid vacsaíní a bhí ar fáil ó AstraZeneca i dtosach, ba cheart go bhfaigheadh Éire 1.1 milliún dáileog, ar an iomlán, go fóill de na trí vacsaín cheadaithe faoi dheireadh mhí an Mhárta. Cuimsítear san fhigiúr seo 1.1 milliún vacsaín a seachadadh cheana féin, chomh maith leo siúd atá sceidealaithe faoi láthair go seachadfar iad roimh an 31 Márta. Thugamar tús áite i gcónaí do chinntiú go sásódh aon vacsaín COVID a dháiltear anseo gach ceann de dhianriachtanais sábháilteachta agus éifeachtúlachta na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí.”
I ndiaidh don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (an GLE) an moladh a dhéanamh chun vacsaíní a úsáid in aghaidh COVID-19 agus i ndiaidh gur údaraigh an Coimisiún Eorpach iad lena n-úsáid um thráthnóna, déanann an Coiste Comhairleach Imdhíonta Náisiúnta (an CCIN) treoir a fhorbairt lena n-úsáid in Éirinn a chuimsítear sna Treoirlínte maidir le hImdhíonadh d’Éirinn. Déantar nuashonrú leanúnach ar na treoirlínte seo agus cuimsítear iontu treoir maidir le gach vacsaín nua faoi mar a cheadaítear iad lena n-úsáid in Éirinn.
“Díríodh sa Straitéis Náisiúnta Vacsaínithe COVID-19 ar na daoine is leochailí agus cinntíodh gur tugadh tús áite dóibh. Amhail Dé Céadaoin, an 27 Eanáir, rinneamar 161,500 dáileog de vacsaíní COVID-19 a thabhairt. Ba iad na chéad dáileoga 71,600 díobh seo a tugadh do chónaitheoirí agus d’fhoireann ár saoráidí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh agus ba iad na chéad dáileoga 76,100 sa bhreis díobh a tugadh d’oibrithe cúraim sláinte túslíne.”
“Tá an dá dháileog faighte ag 13,800 duine sa bhreis. Tabharfar faoi na vacsaínithe a chríochnú sna cohóirt seo sna seachtainí amach romhainn. Trí sholáthairtí vacsaín AstraZeneca, agus an dá vacsaín a ceadaíodh roimhe seo a fháil, beimid in ann tús a chur leis an gclár le Cohórt 3 – iad siúd níos sine ná 70 bliain d’aois, ag tosú leo siúd atá 85 bliain d’aois agus níos sine”,
a dúirt an tAire Donnelly.
Ceadóidh na 1.1 milliún dáileog den vacsaín a bhfuil súil ag Éirinn lena bhfáil idir Eanáir agus Márta an méid seo a leanas a dhéanamh:
Déanfar vacsaíniú ar an tríú grúpa, de réir aoise, ag tosú leo siúd níos sine ná 85 bliain d’aois, agus leo siúd idir 80 agus 84, idir 75 agus 79 agus idir 70 agus 74 bliain d’aois. Cuirfear tús le feachtas eolais phoiblí FSS don ghrúpa seo an deireadh seachtaine seo ar an raidió, sna meáin chlóite agus ar an teilifís.
Is iad na líonta measta daonra don ghrúpa seo, atá bunaithe go hiomlán ar aois:
85+ bl. | 81,000 |
80-84 bl. | 90,000 |
75-79 bl. | 134,000 |
70-74 bl. | 191,000 |
“Ina theannta sin, tá Éire mar chuid den chonradh Eorpach do dhá vacsaín bhreise atá á bhforbairt, agus tá rogha ann don tríú vacsaín freisin, faoi réir sonraí trialach. Leanann idirbheartaíocht ar siúl ar leibhéal Eorpach le soláthraithe eile. Tá súil, le himeacht ama, go n-éireoidh na línte soláthair níos daingne agus níos bunaithe,” a dúirt an tAire Donnelly.
“Tuigimid an t-ardéileamh atá ar an vacsaín seo in Éirinn, agus an frustrachas a chruthaíonn srianta soláthair sna luathchéimeanna seo den chlár. Leanfaimid leis an gclár a choigeartú i gcomhréir leis an soláthar agus leis an straitéis um beartú tosaíochta agus dáilte. Cuirfear tús leis an vacsaín a thabhairt isteach i measc daoine níos sine ná 70 bliain d’aois agus tá gach iarracht á déanamh chun an clár seo a sholáthar chomh mear, agus chomh sábháilte, agus is féidir.”
CRÍOCH
I ndiaidh go ndéantar vacsaín a cheadúnú lena húsáid, bíonn gá le roinnt mhaith céimeanna eile sular féidir an vacsaín a thabhairt.
I measc na gcéimeanna seo, tá an méid seo a leanas:
Ról an ÚRTS
Is é an ÚRTS an rialálaí náisiúnta le haghaidh cógas in Éirinn. Oibríonn siad go dlúth leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (an GLE). Déantar iarratais ar vacsaíní COVID-19 a údarú leis an GLE agus má dhéantar iad a cheadú, is féidir úsáid a bhaint astu i ngach Ballstát an AE. Is rannpháirtí gníomhach i ngach athbhreithniú Eorpach í Éire, tríd an ÚRTS. Rannchuidíonn an ÚRTS go díreach leis an measúnú a dhéantar ar gach cógas nua agus leis an monatóireacht a dhéantar ar a sábháilteacht a luaithe a bhíonn siad á n-úsáid. Is amhlaidh an cás freisin i dtaobh vacsaíní agus chóireálacha COVID-19.
Ó thús na paindéime, chomhoibrigh rialálaithe ar fud an domhain, an ÚRTS san áireamh, ar bhealach nach ndearna siad riamh roimhe seo chun comhairle agus treoir mhear a chur ar fáil ar na modhanna is fearr chun trialacha cliniciúla a dhéanamh agus an dearadh is fearr dóibh. Tá an comhoibriú domhanda seo dírithe go hiomlán ar theacht ar vacsaíní nua a bhrostú go sábháilte a luaithe a léirítear go bhfuil siad sábháilte agus éifeachtach.
Ball saineolach den FÉSPN freisin é an ÚRTS, a chuireann comhairle ar fáil ar ghnéithe a bhaineann le cógais, vacsaíní, agus feistí leighis san áireamh.
Déanfaidh an ÚRTS, sa mhullach ar an GLE agus gníomhaireachtaí eile cógas an AE measúnú ar shonraí sábháilteachta a thagann chun solais maidir le vacsaín COVID-19 a úsáid, trí chórais mhonatóireachta sábháilteacht dea-bhunaithe. Rachfar i ngleic le haon bhuarthaí féideartha sábháilteachta trí dhul i mbun gníomh cuí rialála chun sláinte daoine aonair agus phoiblí a chosaint agus cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal ar bhealach trédhearcach agus tráthúil.
Spreagann an ÚRTS gairmithe cúraim sláinte agus baill den phobal go tréan, chun drochfhreagairtí amhrasta (fo-iarmhairtí) i dtaobh vacsaíní COVID-19 a thabhairt le fios don ÚRTS.
Chun teacht ar eolas breise ar mhonatóireacht a dhéanamh ar shábháilteacht, tabhair cuairt, le do thoil, ar an leathanach vacsaíní COVID-19: Fo-iarmhairt a thabhairt le fios.
Eolas breise ar AstraZeneca