Fáiltíonn an tAire Stáit um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta roimh an treoir is déanaí maidir le cuairteanna chuig tithe altranais.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh Mary Butler TD, an tAire Stáit um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta inniu roimh fhoilsiú na treorach is déanaí maidir le cuairteanna chuig tithe altranais.
Le linn an ama seo tá béim ar leith curtha ar léargas iomlánaíoch a choinneáil ar fholláine na gcónaitheoirí, a bheith dírithe ar an duine, a bheith feasach ar a gcearta mar shaoránaigh, agus a bheith airdeallach nuair atáthar ag féachaint lena gcosaint ar ionfhabhtú nach sáraítear na cearta sin a mhéid atá díréireach nó ar bhealach atá díréireach.
De réir mar a chuirtear an galar faoi chois sa phobal tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí ag moladh gur chóir tús a chur le gnáthghníomhaíochtaí a thabhairt ar ais de réir a chéile agus réamhchúraimí sláinte poiblí á ndéanamh. Léirítear an chomhairle seo sa treoir is déanaí maidir le cuairteanna. Tá mionsonraí na treorach seo leagtha amach ag an Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte ag: https://www.hpsc.ie
Tá an treoir seo á hathbhreithniú go leanúnach, ag cothromú rioscaí le sochar ar aon dul le cúrsa an ghalair sa phobal
Dúirt an tAire Butler:
“D’éist mé le tuairimí go leor teaghlach agus aithním go raibh tionchar suntasach ag COVID-19 ar an tsochaí i gcoitinne agus go háirithe orthu siúd a chónaíonn i dtithe altranais. Ní mór dúinn cuimhneamh gur tithe do dhaoine iad suíomhanna cónaithe chomh maith le háiteanna ina gcuirtear cúram sláinte agus sóisialta ar fáil. Nuair a tugadh isteach scaradh fisiceach, aonrú agus teagmháil theoranta le teaghlaigh agus le muintir isteach d'athraigh an ghnáthdinimic a bhaineann le caidreamh sóisialta. Tuigim go gcaithfear cónaitheoirí, comhaltaí foirne agus cuairteoirí ar thithe altranais a chosaint agus táim muiníneach go bhfuil tithe altranais ag ullmhú an bhealaigh ionas gur féidir cuairt a thabhairt ar bhealach sábháilte. Tá súil agam go gcuideoidh na treoirlínte sláinte poiblí is déanaí seo a d’fhorbair an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte le tithe altranais, cónaitheoirí agus a dteaghlaigh."
CRÍOCH
Rinne an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) treoir do chuairteoirí a nuashonrú an tseachtain seo agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ón 29 Iúil. Tá an treoir seo ar fáil ar láithreán gréasáin HPSC ag: