Iarrann an tAire Stáit Hackett Léiriú Spéise chun dul isteach sa Ghrúpa Oibre nua Adhmaid san Fhoirgníocht
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett inniu glao ar léirithe spéise chun páirt a ghlacadh sa Ghrúpa Oibre nua Adhmad san Fhoirgníocht. Beidh sé de chúram ar an ngrúpa scrúdú a dhéanamh ar na coinníollacha chun úsáid adhmaid a mhéadú i bhfoirgníocht, measúnú a dhéanamh ar dhúshláin rialála agus chaighdeánaithe maidir le húsáid níos mó a bhaint as adhmad i bhfoirgníocht, agus úsáid adhmaid baile a uasmhéadú. Tabharfaidh an grúpa raon saineolais tionscail agus Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais ábhartha le chéile, le Cathaoirleach neamhspleách. Soláthróidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an rúnaíocht don ghrúpa agus ceapfar Cathaoirleach nuair a bheidh ballraíocht an ghrúpa tugtha chun críche.
Dúirt an tAire Hackett,
“Tá áthas orm an glao seo ar léirithe spéise ó chomhlachtaí ionadaíocha, Ollscoileanna agus saineolaithe tionscail a fhógairt. Ba mhaith linn cloisteáil ó dhaoine gairmiúla a bhfuil an t-eolas agus an saineolas acu chun oibriú le chéile le Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí Stáit ábhartha chun scrúdú a dhéanamh ar conas is féidir linn úsáid adhmaid a mhéadú in earnáil tógála na hÉireann. Ar fud na hEorpa táimid ag féachaint ar úsáid mhéadaithe adhmaid mar ábhar iontaofa, inbhuanaithe i dtógáil foirgneamh ar mhórscála. Tá úsáid adhmaid innealtóireachta mar adhmad tras-lannaithe ag éascú modhanna nua tógála, agus ní mór dúinn deiseanna a iniúchadh chun glacadh leis an athrú seo anseo in Éirinn. Táimid ag bunú an Ghrúpa Oibre Adhmaid san Fhoirgníocht mar creidimid gurb é an bealach is fearr le húsáid i bhfad níos mó adhmaid in Éirinn ná trí shaineolaithe tionscail a bheith ag comhoibriú le Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí Stáit chun measúnú a dhéanamh ar na bacainní, agus conas is féidir iad a shárú.”
Beidh ról tábhachtach ag úsáid adhmaid san fhoirgníocht agus sa timpeallacht thógtha maidir lenár spriocanna aeráide a bhaint amach. Stórálann adhmad carbón i bhfoirgnimh agus laghdaítear ár spleáchas ar ábhair a dhéantar as acmhainní neamh-inathnuaite.
Tabharfaidh an grúpa oibre príomh-Ranna Rialtais le chéile a bhfuil róil thábhachtacha acu maidir le forbairt na hacmhainne foraoise, an timpeallacht thógtha, nuálaíocht agus forbairt margaidh san áireamh. Beidh ionchur ón tionscal agus ó shaineolaithe i bhfoirgníocht ríthábhachtach do rath an ghrúpa.
Dúirt an tAire Ryan T.D.,
“Fáiltím roimh an nGrúpa Oibre Adhmaid san Fhoirgníocht atá beartaithe agus rachaidh mo Roinn i ngleic le hobair a thacaíonn le húsáid mhéadaithe adhmaid san fhoirgníocht. Ba cheart imscrúdú críochnúil a dhéanamh ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag táirgí amhail adhmad tras-lannaithe, mar mhalairt ar tháirgí déine amhail coincréit agus cruach. Cuid thábhachtach de na bearta is gá chun ár spriocanna aeráide a bhaint amach is ea infhaighteacht ábhar tógála eile a mhéadú, agus freagairt á thabhairt ar riachtanais phráinneacha tógála ag an am céanna.”
Dúirt an tAire Darragh O Brien T.D.,
“Tá an-áthas orm a fheiceáil go bhfuil an grúpa oibre seo bunaithe chun úsáid Adhmaid san Fhoirgníocht a chur chun cinn. Is eochairbheart iad Modhanna Nua-Aimseartha Tógála (MMC) chun tacú le soláthar tithíochta faoi Thithíocht do Chách. D’oibrigh an Rialtas le chéile chun roinnt tionscnamh tábhachtach a chur i bhfeidhm sna réimsí taighde, taispeántais agus soláthar tithíochta sóisialta chun tacú le forbairt Modhanna Nua Tógála. Is Modh Tógála Nua-Aimseartha tábhachtach é adhmad a úsáid i dtógáil agus cuidíonn sé le soláthar tithíochta nua a fheabhsú agus ag an am céanna ag méadú inbhuanaitheacht na n-ábhar a úsáidtear. Glacfaidh mo Roinn páirt ghníomhach sa ghrúpa seo agus táim ag tnúth lena thorthaí a thacóidh le Tithíocht do Chách agus le spriocanna Gníomhaíochta Aeráide.”
Rinne an tAire Stáit Hackett an fógra inniu agus í ar cuairt ar fhoireann taighdeoirí in Ollscoil na Gaillimhe atá ar thús cadhnaíochta sa taighde adhmaid le blianta fada anuas. Dúirt an tAire Hackett,
“Tá an-áthas a bheith anseo in Ollscoil na Gaillimhe inniu chun an sár-obair atá maoinithe ag mo Roinnse i dtaighde adhmaid le blianta fada a fheiceáil. Tacaíonn an taighde a dhéanann an Ollscoil le húsáid agus le forbairt adhmaid na hÉireann agus caighdeáin adhmaid ónár n-acmhainn dhúchais. Is í an fhís dheireanach atá agam don adhmad dúchasach sin ná go n-úsáidfear ar scála é chun tithe, scoileanna agus oifigí na todhchaí a thógáil anseo in Éirinn.”
Dúirt an tOllamh Annette Harte ó Ollscoil na Gaillimhe in éineacht leis an Dr Patrick McGetrick,
“Táim ar bís an deis a bheith agam an tAire a óstáil inniu agus an sár-obair atá ar siúl i dtaighde adhmaid in Éirinn faoi láthair a léiriú. Fáiltímid roimh bhunú an Ghrúpa Adhmaid nua san Fhoirgníocht agus beidh áthas orainn cabhrú lena chuid oibre.”
Is é an dáta deiridh chun iarratais ar léiriú spéise a fháil ná 3pm, 28 Iúil 2023 agus tá sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara. https://www.gov.ie/en/publication/3b5c6-call-for-expressions-of-interest-member-of-the-interdepartmental-industry-working-group-on-timber-in-construction/
CRÍOCH