Fógraíonn an tAire Foley deontais €100,000 d’eagraíochtaí a bhfuil oideachas ceoil á sholáthar acu
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu oscailt na n-iarratas ar dheontais faoin Scéim Sparánachta Oideachas Ceoil Neamh-Phríomhshrutha 2021.
Dúirt an tAire Norma Foley,
“Ba thréimhse an-dúshlánach ar fad a bhí sa bhliain seo caite dár leanaí agus dár ndaoine óga. Fad a bhí scoileanna dúnta, níor éirigh leo a bheith gafa i bpearsan i go leor gníomhaíochtaí grúpa ar nós ranganna ceoil i ngrúpaí sa phobal.
“Is bealach tábhachtach é an ceol do dhaoine le hiad féin a chur in iúl agus léiriú a thabhairt ar a gcruthaitheacht. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfimid na deiseanna seo ar fáil dár leanaí agus dár ndaoine óga.
“Bhí tréimhse dhúshlánach freisin ag eagraíochtaí pobail a chuireann ceachtanna ceoil ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga. Táim ag súil gur féidir leis na deontais seo a chur ar a gcumas leanúint ar aghaidh le teagasc agus ranganna ceoil a sholáthar don chuid eile den bhliain. Cuideoidh sparánachtaí atá ar fáil faoin scéim seo le heagraíochtaí na hacmhainní atá de dhíth orthu a fháil chun leanúint ar aghaidh ag obair le leanaí agus le daoine óga.”
Tá sé mar aidhm ag an scéim tacaíocht a sholáthar i bhfoirm deontas airgid, do thionscnaimh oideachas ceoil neamh-phríomhshrutha/tionscnaimh ceoil pobail atá bunaithe cheana, ar scála níos lú, a bhfuil rochtain theoranta nó gan aon rochtain acu ar mhaoiniú poiblí de chineálacha eile. Is féidir na deontais a úsáid chun uirlisí, trealamh eile agus teagasc a cheannach. Ní cóir go n-úsáidfí na deontais ar chaiteachas caipitil ar nós costais struchtúracha nó tógála. Is é an buiséad iomlán atá ar fáil i 2021 ná €100,000.
Is féidir leo siúd a léiríonn spéis an fhoirm iarratais a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc seo https://www.gov.ie/ga/seirbhis/d290dd-none/#criteirtreoirlinte
Déanfaidh Coiste Maoinithe na Roinne Oideachais um Oideachas Ceoil Neamh-Phríomhshrutha na hiarratais a mheas.
Tá foirm iarratais ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas - https://www.gov.ie/ga/seirbhis/d290dd-none/#criteirtreoirlinte
Déan an fhoirm iarratais a íoslódáil le do thoil agus ‘sábháil mar’ ar do ríomhaire féin, clóscríobh agus comhlánaigh na rannáin go léir. Caithfear d’iarratas a chur isteach mar iatán ar ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist seo amháin - nmmebs@education.gov.ie
Is é an spriocdháta d’iarratais do 2021 ná 7 Bealtaine 2021.
Critéir do roghnú na n-Iarratas
Déanfar iarratais a mheas ó eagraíochtaí/grúpaí a bhfuil siad seo a leanas léirithe acu:
• Cuntas teiste seanbhunaithe maidir le hoideachas ceoil a sholáthar.
• Soláthar ceoil i réimse an oideachais ceoil/ceoil pobail neamh-phríomhshrutha.
• Oideachas ceoil neamh-príomhshrutha a sholáthar do dhaoine óga 18 mbliana agus níos óige.
• Torthaí foghlama láidre do rannpháirtithe.
Beidh tosaíocht ag na heagraíochtaí/grúpaí sin ar féidir leo a léiriú go bhfreastalaíonn siad ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch. Féadfar tosaíocht a thabhairt freisin d’eagraíochtaí/grúpaí atá incháilithe agus go mb’fhéidir nach bhfuair siad maoiniú cheana ón tionscnamh seo.
Beidh sé mar mhian freisin iad seo a leanas a bheith mar bhonn le rogha na dtionscnamh:
• Scaipeadh náisiúnta tíreolaíoch, nuair is féidir
• Raon seánraí ceoil
• Cothromaíocht idir cuir chuige phraiticiúla agus theoiriciúla
Grúpaí neamh-incháilithe
Ní chuirfear maoiniú ar fáil ach do thionscnaimh oideachais ceoil neamh-phríomhshrutha lasmuigh de ghnáthuaireanta na scoile agus de churaclam na scoile.
Tá na catagóirí eagraíochtaí seo a leanas neamh-incháilithe iarratas a dhéanamh:
• Comhlachtaí brabúis
• Scoileanna agus institiúidí oideachais eile
• Comhpháirtíochtaí Oideachais Ceoil a bhfuil maoiniú Music Generation á fháil acu ag am an iarratais
• Mionaoisigh aonair faoi bhun 18 mbliana d’aois
• Grúpaí taibheora gairmiúla