Fógraíonn an tAire Humphreys tús Séasúr Breosla Nua
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, T.D., tús na Scéime Breosla Náisiúnta do shéasúr 2020 / 2021.
Íocfar Liúntas Breosla, arb íocaíocht í ar a ndéantar tástáil mhaoine, ar feadh 28 seachtain.
Íoctar é ar ráta seachtainiúil €24.50 nó, más fearr leis an bhfaighteoir, trí dhá íocaíocht chnapshuime €343 an ceann. Íoctar Liúntas Breosla amháin in aghaidh an teaghlaigh.
Is é an caiteachas measta don scéim neamhreachtúil seo €261.35 milliún agus meastar go mbainfidh 352,000 teaghlach chun tairbhe a bhaint as an íocaíocht Liúntas Breosla sa séasúr seo.
Dúirt an tAire Humphreys:
Tacaíocht bhreise a bheidh sa Liúntas Breosla do go leor teaghlach ar fud an Stáit fad a dhruideann séasúr an gheimhridh linn. Cúnamh airgeadais é do dhaoine a chónaíonn i dteaghlaigh ísealioncaim chun cabhair a thabhairt i dtreo íoc as ola théimh, leictreachas, gás nó breosla soladach.
Mar rogha ar íocaíocht sheachtainiúil, bíonn an rogha ag sealbhóirí tí, chomh maith, chun a Liúntas Breosla a fháil in dhá íocaíocht chnapshuime, agus is é luach gach cnapshuime €343. Gheobhaidh sealbhóirí tí a roghnaigh an rogha seo cheana féin a gcéad chnapshuim anuas ar a bpríomhíocaíocht leasa shóisialaigh ar a lá cuí íocaíochta ag tosú an tseachtain seo. Eiseofar an dara híocaíocht chnapshuime i rith an dara seachtaine in Eanáir 2021.
Cuireann an scéim Liúntas Breosla tacaíocht ar fáil do shealbhóirí tí a bhfuil íocaíochtaí leasa shóisialaigh fadtéarmacha á bhfáil acu chun íoc as costais bhrise téimh i rith mhíonna an gheimhridh. Gheobhaidh iad siúd a cháiligh don íocaíocht Liúntas Breosla an bhliain seo caite an íocaíocht go huathoibríoch arís i mbliana, má leanann siad leis na riachtanais cháilitheachta a shásamh go fóill. Ní gá dóibh iarratas a dhéanamh air arís eile.
Ba cheart do chustaiméirí nach bhfuair an íocaíocht roimhe seo agus ar mian leo iarratas a dhéanamh ar Liúntas Breosla foirm iarratais a líonadh atá ar fáil lena híoslódáil ag Tá eolas iomlán ar fáil ar Láithreán Gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí anseo nó ó Oifig an Phoist áitiúil. Ba cheart foirmeacha líonta a sheoladh chuig a nIonad Intreo áitiúil nó chuig an oifig a bhainistíonn a n-íocaíocht leasa sheachtainiúil.
Is féidir le duine a bhfuil Liúntas Gáis Nádúrtha nó Leictreachais á fháil acu faoi Phacáiste Sochair Teaghlaigh na Roinne Coimirce Sóisialaí, agus a úsáideann gás nó leictreachas dá dtéamh, a bheith i dteideal Liúntas Breosla a fháil.
Is féidir le duine cáiliú do Liúntas Breosla má tá ceann de na híocaíochtaí seo a leanas á bhfáil acu ón Roinn Coimirce Sóisialaí:
nó
agus
agus
Nóta: Tá leanbh cáilithe faoi aois 18 mbliana nó idir 18 mbliana agus 22 bliain d’aois má tá sé/sí in oideachas lánaimseartha. Má bhaineann leanbh 18 mbliana d’aois amach fad a bhíonn sé/sí in oideachas lánaimseartha agus má tá Liúntas Cuardaitheora Poist (ar feadh níos lú ná 15 mhí), Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta nó Liúntas Leasa Forlíontach á fháil ag an iarratasóir, ní mheasfar gur leanbh cáilithe iad ach go dtí go gcríochnaíonn siad oideachas lánaimseartha nó go dtí an 30 Meitheamh ina dhiaidh sin, pé dáta is luaithe.
Tá eolas iomlán ar fáil ar Láithreán Gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí anseo .