Fógraíonn an t-Aire Humphreys dátaí íocaíochta do Bhuiséad 2024 Tacaíochtaí Cnapshuime um Chostas Maireachtála
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu na dátaí íocaíochta do na tacaíochtaí Costas Maireachtála €1.2 billiún a tugadh isteach mar chuid de Bhuiséad 2024.
Is é an pacáiste Coimirce Sóisialaí i mBuiséad 2024, an ceann is mó i stair an Stáit, agus cuideoidh sé le pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh aghaidh a thabhairt ar an gCostas Maireachtála trí mheascán de thacaíochtaí cnapshuime agus méaduithe ar íocaíochtaí seachtainiúla.
Íocfar naoi n-íocaíocht chnapshuime san iomlán idir Shamhain 2023 agus Eanáir 2024.
I measc na n-íocaíochtaí cnapshuime a fógraíodh mar chuid den Bhuiséad tá:
Ag fógairt na sonraí inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá a fhios agam go bhfuil a lán daoine ag streachailt i ndáiríre chun greim a choinneáil faoin bhfiacail láthair na huaire. D'fhonn an brú agus an strus atá roimh go leor teaghlach a mhaolú, táim ag tabhairt an tsraith seo de naoi n-íocaíocht cnapshuime ar aghaidh chun tacú le daoine.
“Tacóidh na híocaíochtaí seo atá os cionn €1.2 billiún san iomlán lenár bpinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh sna míonna amach romhainn. Tá an sceideal íocaíochta atá á fhógairt agam inniu deartha chun cinnteacht agus suaimhneas intinne a thabhairt do dhaoine ionas go mbeidh a fhios acu go díreach cathain a dhéanfar na híocaíochtaí breise seo leo.
“ Is ionann Buiséad 2024 agus an pacáiste cáinaisnéise coimirce sóisialta is mó i stair an Stáit. Tá an meascán d'íocaíochtaí cnapshuime chun tacú le daoine i rith mhíonna an gheimhridh, mar aon leis na méaduithe ar rátaí seachtainiúla agus ar raon beart spriocdhírithe atá deartha chun cabhrú le daoine tríd na dúshláin costais mhaireachtála reatha atá romhainn."
Tá na dátaí íocaíochta agus líon na bhfaighteoirí do gach ceann de na Tacaíochtaí Chnapshuime leagtha amach thíos:
Beart ó Bhuiséad 2024 | Dáta Íocaíochta | Neaslíon na bhFaighteoirí |
€400 Íocaíocht Costas Maireachtála dóibh siúd atá ag fáil Íocaíocht do Theaghlach Oibre | Seachtain dar tús 20 Samhain 2023 | 46,000 |
Deontas Tacaíochta Míchumais €400 do dhaoine a bhfuil Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall agus Pinsean Easláine á fháil acu | Seachtain dar tús an 20 Samhain 2023 | 214,000 |
Cnapshuim an Liúntais Bhreosla de €300 | An tseachtain dar tús an 20 Samhain 2023 | 409,000 |
€400 Deontas Tacaíochta do Chúramóirí | An tseachtain dar tús an 27 Samhain 2023 | 130,000 |
Íocaíocht €200 le daoine a bhfuil Liúntas Maireachtála Aonair á fháil acu | Seachtain dar tús an 27 Samhain 2023 | 237,000 |
Cnapshuim €100 do gach leanbh a bhfuil Méadú do Leanbh Cáilithe á híoc ina leith | Seachtain dar tús 27 Samhain 2023 | 370,000 páiste |
Íocaíocht Dhúbailte Bhónas na Nollag | An tseachtain dar tús an 04 Nollaig 2023 | 1.3 milliún |
Íocaíocht Sochair Leanaí Dúbailte | 5ú Nollaig 2023 | 650,000 teaghlach i leith 1.2 milliún leanbh |
Íocaíocht Dhúbailte Chostas Maireachtála mhí Eanáir | Seachtain ag tosú 29 Eanáir 2024 | 1.3 milliún |
Chomh maith leis an tsraith íocaíochtaí cnapshuime, dhaingnigh an tAire Humphreys méaduithe leasa de gach cineál de €12 in aghaidh na seachtaine ó Eanáir 2024, agus raon beart spriocdhírithe le teacht i bhfeidhm i rith 2024.
Tá an liosta iomlán seo de bhearta um Chosaint Shóisialta Cháinaisnéis 2024 ar fáil www.Gov.ie/DSPBudget24.
Íoctar an chnapshuim agus na híocaíochtaí dúbailte go léir go huathoibríoch - ní gá do dhaoine iarratas a dhéanamh dóibh.
Tá liosta na n-íocaíochtaí atá incháilithe do na Bónais Nollag agus Eanáir ar fáil anseo.
Níl an íocaíocht aonuaire €400 le daoine a fhaigheann Liúntas Míchumais, Pinsean Easláine, Pinsean na nDall agus/nó an Deontas Tacaíochta Cúramóra, iníoctha ach i leith íocaíocht amháin, fiú má cháilíonn duine le haghaidh níos mó ná ceann amháin de na híocaíochtaí nó má tá siad ag tabhairt aire do níos mó ná duine amháin.