Fáilte curtha ag an Aire Donohoe roimh fhigiúirí an CSO ina léirítear an ráta is lú dífhostaíochta ó R4 2005
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Léiríonn Suirbhé ar Lucht Saothair (LFS) a d'fhoilsigh an Phríomhoifig Staidrimh inniu (Dé Máirt an 21 Bealtaine 2019) go bhfuil margadh an tsaothair thar a bheith láidir in Éirinn. Taifeadadh fás bliantúil 3.7 faoin gcéad (81,200 post) i leith na fostaíochta sa chéad ráithe de 2019, rud a chiallaíonn go bhfuil 2,316,100 duine fostaithe in Éirinn, an leibhéal is mó riamh. B'ionann ráta dífhostaíochta mhí Aibreáin agus 4.6 faoin gcéad, an ráta is ísle ón gceathrú ráithe de 2005.
Maidir leis na figiúirí sin, dúirt an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D.,:
"Tá an-fháilte agam roimh fhigiúirí an lae inniu, figiúirí a dheimhníonn chomh láidir is atá margadh an tsaothair in Éirinn. In ainneoin dúshláin idirnáisiúnta, tá fás ag teacht go fóill ar líon na ndaoine in Éirinn atá ag obair, agus tháinig méadú 81,200 duine i rith na bliana go dtí an chéad ráithe de 2019 ar an bhfostaíocht iomlán. Is mór an spreagadh é gur bhain trí cheathrú den mhéadú sin le fostaíocht lánaimseartha. Tá 2.3 milliún duine ag obair in Éirinn anois, an líon is mó riamh.
"Is fiú an fás atá tagtha ar líon na mban atá ag obair - méadú 50,400 i dtéarmaí bliantúla - a lua chomh maith, agus is díol suntais é chomh maith gur tháinig fás ar fhostaíocht i ngach réigiún. Is cruthúnas iad na figiúirí seo ar an riocht mhaith ina bhfuil an geilleagar agus ar chomh maith is a d'éirigh le beartais gheilleagracha an Rialtais.
"Deimhníonn figiúirí an lae inniu nach bhfuil margadh an tsaothair sa chéim téarnaimh níos mó agus go bhfuil ag dul i dtreo na 'lánfhostaíochta' anois, faoi mar a léiríonn an ráta dífhostaíochta 4.6 faoin gcéad, an ráta is ísle ó dheireadh na bliana 2005.
"Tá an-fháilte roimh an lánfhostaíocht, cé go gcruthaíonn sin roinnt dúshlán don bheartas. Ní mór beartais a chuireann borradh rómhór faoin ngeilleagar a sheachaint. Is ionann sin agus a chinntiú go bhfanfaidh margadh an tsaothair oscailte agus solúbtha d'fhonn cuidiú le forás post agus caighdeán maireachtála, agus an iomaíochas idirnáisiúnta atá againn a chosaint ag an am céanna. Ní mór dúinn spreagadh níos mó a thabhairt do dhaoine nach bhfuil i margadh an tsaothair i láthair na huaire a bheith rannpháirteach. Tá tús áite á thabhairt do bheartais a chuireann feabhais i ndáil le táirgeacht chun cinn. Is é sin an t-údar gur sheol an Rialtas Future Jobs Ireland 2019 ag tús na bliana seo; faoin mbeartas seo, bunaítear réimse leathan d'uaillmhianta meántéarmacha ar fud an Rialtais ar fad agus feidhmeoidh sé chun beartas a thacaíonn le geilleagar níos táirgiúla, níos nuálaí, níos oscailte agus níos seasmhaí a threorú.
Leagfar amach i Ráiteas Eacnamaíoch an tSamhraidh chomh maith, atá le teacht gan mhoill, cur chuige an Rialtais i leith an bheartais bhuiséidigh le béim ar bhearta cuí a chuirfidh leis an gcaighdeán maireachtála ar bhealach inbhuanaithe."
Críoch
Nóta don Eagarthóir
Teagmháil
Deborah Sweeney, Comhairleoir Preasa an Aire Donohoe – 086 858 6878
Aidan Murphy, Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais – 085 886 6667